Plean fógartha ag an Rialtas chun 4,367 leaba ospidéil ghéarmhíochaine a sheachadadh
- Foilsithe: 29 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 31 Bealtaine 2024
- Plean Nua chun 3,352 leaba nua a chur ar fáil (2,997 leaba nua ospidéil + 355 leaba athsholáthair)
- Tá na leapacha seo sa bhreis ar an 1,015 leaba ospidéil atá á dtógáil agus/nó atá geallta,rud a fhágann go mbeidh líon iomlán na leapacha nua le seachadadh faoi 2031 méadaithe go 4,367
- Ó 2020 i leith, tá 1,218 leaba bhreise ospidéil ghéarmhíochaine curtha ar fáil ag an Rialtas seo cheana féin
D'fhógair an tAire Sláinte Stephen Donnelly agus an tAire Caiteachais Phoiblí, Seachadta agus Athchóirithe an PFN, Paschal Donohoe, inniu Item was unpublished or removed, a bhfuil sé mar aidhm aige 4,367 leaba d'othair chónaitheacha ospidéil ghéarmhíochaine a chur ar fáil faoi 2031.
Áirítear leis seo 3,352 leaba nua, leis na leapacha uilig seo scaipthe ar fud na sé cheantar sláinte réigiúnach. I measc na 3,352 leaba nua a fógraíodh inniu, tá 2,997 leaba bhreise, chomh maith le 355 leaba athsholáthair (féach ar an tábla thíos don bhriseadh síos sonrach). Tá na leapacha nua seo sa bhreis ar an 1,015 leaba atá á dtógáil cheana féin nó a gealladh roimhe seo (féach an tábla thíos don bhriseadh síos sonrach).
Comhlíonann an Plean tiomantas an Aire Sláinte chun acmhainn leapacha atá cothrom ar fud na réigiún a chinntiú agus chun a chinntiú go bhfuil cothromas rochtana ag othair ar fud na hÉireann.
Dúirt an tAire Donnelly:
“Chuir mé tús agus forbairt leis an bPlean seo toisc go n-aithním go gcaithfimid ár n-acmhainní leapacha a mhéadú chun dul in ngleic le riachtanais chúraim sláinte ár ndaonra- daonra atá ag fás agus ag dul in aois. Mar thoradh ar sheachadadh an Phlean seo, osclófar sé ospidéal mór agus beidh sé ina chloch mhíle d'othair agus d'oibrithe cúraim sláinte."
Tagann fógra an lae inniu sna sála ar infheistíocht nach bhfacthas a leithéid riamh cheana i gcumas cúraim sláinte faoin rialtas seo. Ó 2020 i leith, osclaíodh 1,218 leaba ghéarmhíochaine d'othair chónaitheacha, rud a léiríonn an leathnú is mó ar chumas ospidéil ghéarmhíochaine phoiblí i stair na Seirbhíse Sláinte.
Ag cur leis an méid sin, dúirt an tAire Donnelly:
“Léiríonn an Plean seo, mar aon leis an méadú suntasach ar acmhainn leapacha a cuireadh ar fáil cheana féin faoin Rialtas seo, ár dtiomantas chun infheistiú i gcumas leapacha ospidéil agus chun pleanáil chuí a dhéanamh don todhchaí. Cuirfear an Plean seo i bhfeidhm mar aon le hinfheistíocht leanúnach i gcúram sa phobal, chomh maith le béim láidir ar éifeachtúlacht agus táirgiúlacht a fheabhsú ar fud na seirbhíse sláinte."
Bhí an Plean nua seo bunaithe ar shamhaltú FSS agus ar mheasúnú ar an láthair, chomh maith le hobair leanúnach an ESRI. Gan leapacha a osclaíodh cheana féin san áireamh, is ionann é seo agus méadú iomlán ar acmhainn phleanáilte de 3,438 leaba ghéarmhíochaine bhreise d'othair chónaitheacha agus 929 leaba athsholáthair d’othair chónaitheacha thar an tréimhse 2024 go 2031.
Dúirt an tAire Donohoe:
“Is léir go bhfuil infheistíocht an rialtais seo i gcúrsaí sláinte mar chúis leis an dul chun cinn uilig atá le feiceáil anois. Go háirithe, tá na liostaí feithimh ag titim le dhá bhliain anuas. Tá an meánlíon othar ar thralaithe ag titim freisin agus tá dul chun cinn ollmhór déanta ag go leor de na hospidéil. Aithnímid go bhfuil an t-éileamh ar chúram sláinte ag méadú agus go gcaithfimid pleanáil mar is cuí don todhchaí. Aithnímid freisin an gá atá le tuilleadh athchóirithe agus cuirim fáilte roimh an bhfís láidir atá ag an Aire Donnelly faoi seo.”
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Donnelly:
“Táim an-bhuíoch den Aire Donohoe as an maoiniú caipitil breise a chuireann leithdháiltí deimhnithe PFN ar fáil do na leapacha breise atá le cur ar fáil faoi dheireadh 2026. Táimid ag súil go gcuirfear maoiniú ar fáil faoin gcéad Phlean Forbartha Náisiúnta eile chun an chuid eile de na leapacha atá dlite ó 2027-2031 a sholáthar."
Tá an leithdháileadh nua atá beartaithe sonraithe sa tábla thíos, mar atá leapacha atá curtha ar fáil cheana féin ag an Rialtas agus leapacha atá geallta cheana féin/atá á dtógáil.
Glanmhéid sa bhreis | Méid athsholáthair | Iomlán | |
Seachadta ó 2020 faoin rialtas seo | 1,218 | N/A | 1,218 |
Geallta/ar siúl cheana féin | 354 | 74 (1) | 1,015 |
NCH agus NMH | 87 | 500 (2) | |
Pleanáilte go nua | 2,997 | 355 | 3,352 |
Iomlán 2020-2031 | 4,656 | 929 | 5,585 |
(Tagraíonn an Plean a foilsíodh inniu do leapacha d'othair chónaitheacha amháin. Níl leapacha lae san áireamh anseo. Níl leapacha d’athshlánú, chúram meathghéar nó leapacha speisialaithe san áireamh leis seo, leapacha a bhfuil a gcuid pleananna féin acu).