English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Preaseisiúint: Déardaoin an 14 Meán Fómhair 2022 Déanann an tAire Sláinte comhghairdeas le buaiteoir chatagóir Sláintecare, agus le gach duine a bhfuil baint acu le Gradaim Bhliantúla Sármhaitheasa na Seirbhíse Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Meán Fómhair 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

www.hse.ie/excellenceawards

Rinne an tAire Donnelly comhghairdeas le Seirbhís Chomhtháite um Shláinte Ghnéis, Frithghiniúint & Cur Chun Cinn Sláinte do Mhic Léinn a bhuaigh catagóir Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart Sláintecare ag Gradaim Sármhaitheasa na Seirbhíse Sláinte tráthnóna inniu.

Ba é seo an chéad bhliain a cuireadh catagóir de chuid Sláintecare san áireamh i nGradaim Sármhaitheasa na Seirbhíse Sláinte a thugann spreagadh do dhaoine seirbhísí sláinte níos fearr a fhorbairt.

Tionscadal seirbhíse sláinte ghnéis do mhic léinn is ea an tionscadal a bhuaigh an chatagóir Sláintecare a sheachadtar go díreach chuig mic léinn ar an gcampas ag campas Bhaile Átha Luain de chuid Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Lár Tíre (TUS), ar a dtugtaí Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain (AIT) tráth. Tá rochtain ag mic léinn i dTUS Lár Tíre anois ar sheirbhís sláinte ghnéasach chuimsitheach do mhic léinn. Freastalaíonn an tseirbhís seo ar riachtanais dhaonra na mac léinn atá ag fás i TUS Lár na Tíre –a bhfuil 61% díobh idir 18 agus 24 bliain d’aois agus a rangaítear go bhfuil ‘ardbhaol’ rompu go dtiocfaidh ionfhabhtú gnéas-tarchurtha (STI) orthu.

Dúirt an tAire Donnelly:

“Is seirbhís cheannródaíoch faoi stiúir altraí í seo a théann chun tairbhe do mhic léinn trí rochtain chothrom, cóireáil luath agus obair leantach feabhsaithe a chumasú, laistigh de phobal a gcampais, a léiríonn luachanna Sláintecare - an cúram ceart a sholáthar ag an am ceart san áit cheart.

“Is céim thábhachtach eile í seo de réir mar a fheabhsaímid rochtain ar sheirbhísí cúram sláinte do dhaoine ar fud na sochaí agus de réir fhógra an lae inné maidir le frithghiniúint saor in aisce do mhná 17-25 bliana d'aois ó dhochtúirí teaghlaigh, ionaid chúraim phríomhúil agus cógaiseoirí a chláraíonn chun seirbhísí a sholáthar faoin scéim.

Tá an tionscadal faoi stiúir Altra na hInstitiúide agus Chomhordaitheoir an Ionaid Sláinte, Laura Tully, a ghlac leis an nGradam Sármhaitheasa dá tionscadal. Dúirt Laura, a thacaigh le seirbhís do mhic léinn le blianta fada: “Roimhe seo, bhí ar mhic léinn suas le huair an chloig a chaitheamh ag taisteal chun sainseirbhís sláinte ghnéis a aimsiú. Níor fhreastail 90% díobh siúd a atreoraíodh ar na clinicí sin agus tháinig go leor díobh i láthair i seomraí éigeandála go míchuí nó d’fhreastail siad ar sheirbhísí DG lasmuigh d’uaireanta seirbhíse. Léiríonn an tionscadal seo fís Sláintecare go soiléir, tá teacht anois ag mic léinn ar sheirbhís chothrom inrochtana nuair a theastaíonn sé uathu laistigh de phobal a gcampais féin, agus is féidir leo teacht ar an gcúram ceart, san áit cheart, ag an am ceart."

"Cinnteoidh an tionscadal seo gur féidir le mic léinn teacht ar oideachas agus eolas cuimsitheach agus aoisoiriúnach ar shláinte ghnéis, agus go mbeidh teacht acu ar sheirbhísí cuí coiscthe agus cur chun cinn. Spreagfaidh é seo gnéasacht shláintiúil a fhorbairt i rith an tsaoil; cuirfidh sé feabhas ar shaol agus caidreamh daoine; laghdóidh sé torthaí diúltacha cosúil le STIanna agus toirchis ghéarchéime agus cruthóidh sé timpeallacht a thacaíonn le sláinte agus folláine ghnéis. Tá an tseirbhís á soláthar ar aon dul le haidhmeanna Straitéis Náisiúnta Sláinte Ghnéis FSS (2015-2020) agus Chreat Éire Shláintiúil (2013-2025)."