English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Harris

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 4 Eanáir 2018
  • An t-eolas is déanaí: 27 Bealtaine 2019

“Bhí físchomhdháil agam inniu leis na príomhfheidhmeannaigh ar ghrúpaí ospidéal na tíre chun plé a dhéanamh ar phlódú agus ar na dálaí an-chrua ar gá d’othair agus do bhaill foirne déileáil leo.

Ghabh mé buíochas leo as a gcuid oibre agus as obair a mball foirne, agus leag mé béim ar a thábhachtaí atá sé cinnteoirí cliniciúla a bheith againn ag amanna tábhachtacha sna hospidéil chun sreabhadh othar trí na rannóga éigeandála a mhéadú. D’iarr mé orthu freisin a chinntiú gurb oscailte a bhíonn gach leaba is féidir a oscailt, go méadófaí an fháil ar dhiagnóisic agus go leanfaidís ag obair chun an líon daoine atá san ospidéal a laghdú i gcás gur féidir iad a scaoileadh amach as an ospidéal agus isteach sa phobal. Thug mé dearbhú do na príomhfheidhmeannaigh ar na grúpaí ospidéal go gcuirfí na hacmhainní riachtanacha uile ar fáil dóibh sna laethanta agus sna seachtainí atá romhainn.

Maidir le gach beart faoin bPlean Geimhridh atá á gcistiú leis an infheistíocht mhéadaithe ón Rialtas – amhail rochtain mhéadaithe ar chúram baile, ar chúram idirthréimhseach agus ar dhiagnóisic agus méadú ar an acmhainn leapacha in ospidéil ghéarmhíochaine – ba mhaith liom an pobal a chur ar a shuaimhneas go bhfuil na bearta sin á gcur chun feidhme faoi láthair chun an brú breise atá ar ár seirbhís sláinte a mhaolú.

Mholfainn do gach duine éisteacht leis na teachtaireachtaí sláinte poiblí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sna laethanta atá romhainn agus cabhrú lenár mbaill foirne túslíne trí fhanacht sa bhaile má bhíonn tinneas orthu.

Táim tiomanta do dheireadh a chur le timthriall an phlódaithe sa tseirbhís sláinte.

Chun déanamh amhlaidh, saothróidh mé trí thosaíocht sa bhliain 2018: an acmhainn leapacha a mhéadú bunaithe ar an bhfianaise ón athbhreithniú ar an acmhainn leapacha, athchóiriú a chur chun feidhme trí leas a bhaint as an tuarascáil Sláintecare, agus an líon seirbhísí a sholáthraítear trí Chúram Príomhúil a mhéadú trí chonradh nua liachleachtóirí ginearálta a chomhaontú.”

CRÍOCH