English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Sláinte - Dé Domhnaigh an 7 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 9 Márta 2021

D’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD roimh an nuacht go bhfuil an Bille Sláinte (Leasú) 2021 sínithe ag an Uachtarán Micheal D. Higgins, agus dá réir sin, tá an Bille ina dhlí.

Foráiltear leis an mBille, a foilsíodh Dé hAoine an 19 Feabhra agus a ritheadh tríd an Dáil agus an Seanad an 1 Márta, do chóras coraintín éigeantach ag saoráidí ainmnithe.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Is gné thábhachtach eile de chosaint na hÉireann i gcoinne COVID-19 an tAcht Sláinte (Leasú) 2021 agus fáiltím roimh nuacht an lae inniu go bhfuil sé ina dhlí. Tá oibríochtú saoráidí coraintín ainmnithe á chur chun cinn ar bhonn trasrannach mar ábhar tosaíochta."

Tá an Roinn Sláinte i gceannas ar an bpróiseas cur chun feidhme, le tacaíocht ó roinnt Ranna agus gníomhaireachtaí lena n-áirítear an Roinn Gnóthaí Eachtracha, Iompair, Dlí agus Cirt, Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, chomh maith le Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Óglaigh na hÉireann, chomh maith le trí ionchur ón earnáil phríobháideach.

Dúirt an tAire Donnelly:

"Is é an chéad chéim eile sa phróiseas seo conradh a thabhairt chun críche agus a shíniú le soláthraí seirbhíse. Táim ag súil go dtarlóidh sé seo gan mhoill."

Leanann an Rialtas ag tabhairt comhairle i gcoinne taistil idirnáisiúnta nach bhfuil riachtanach agus tá raon beart reachtúil i bhfeidhm chun an beartas seo a threisiú.

Ní mór do phaisinéirí atá ag taisteal go hÉirinn ó stáit ainmnithe áirithe tréimhse choraintín 14 lá a chur i gcrích. Baineann sé seo le gach paisinéir ó stáit ainmnithe, beag beann ar náisiúntacht agus is é aidhm an bhirt seo an daonra a chosaint ar dhúshláin arna gcruthú ag athraithigh nua atá ina n-ábhair imní (VOC). Tá liosta de stáit ainmnithe ar fáil ar gov.ie/quarantine.

Tá Grúpa Maoirseachta Náisiúnta um Athraithigh atá ina nÁbhair Imní bunaithe chun monatóireacht a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le VOC. Soláthraíonn an Grúpa comhairle don Phríomhoifigeach Leighis, a thugann comhairle don Aire Sláinte ina dhiaidh sin faoi thíortha atá le sonrú mar stáit ainmnithe. Tá liosta na stát ainmnithe faoi réir athbhreithnithe leanúnaigh.