English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill tar éis cuairt a thabhairt ar Ospidéal Ollscoile Portiuncula

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Feabhra 2025
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Thug an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill TD cuairt ar Bhéal Átha na Sluaighe inniu chun bualadh le cúpla teaghlach atá san áireamh san athbhreithniú reatha ar chásanna.

Thug sí cuairt freisin ar Ospidéal Ollscoile Portiuncula (PUH). Tagann sé seo sna sála ar fhoireann bainistíochta sheachtrach a cheapadh chun maoirseacht a dhéanamh ar sheirbhísí máithreachais san ospidéal agus déantar athbhreithnithe ar an gcineál cúraim a chuirtear ar fáil le linn naonúr leanaí a shaolú.

Dúirt an tAire Carroll MacNeill:

"Lá éisteachta a bhí inniu ann. Tá mé an-bhuíoch as an deis inniu bualadh le cuid de na naoi dteaghlach a bhfuil cúram a leanaí ag PUH ina n-ábhar athbhreithnithe leanúnacha agus chun éisteacht leo. Ní 'imeachtaí', ná 'eachtraí' iad seo, is mná iad seo a bhfuil leanaí acu a bhásaigh, agus mná agus leanaí a raibh torthaí gan choinne agus tromchúiseacha orthu.

"D'éist mé lena máithreacha agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine acu as an am a ghlacadh chun bualadh liom, agus as a misneach agus a neamhleithleachas maidir lena dtaithí a roinnt, rud a léiríonn an méid atá ráite ag mná eile go minic roimhe seo. Chuala muid arís agus arís eile é i dtuarascáil Boylan in 2017, agus i dTuarascáil an Ghrúpa Oibre Idir-Rannach ar an méadú atá ag teacht ar an gCostas a bhaineann le hÉilimh maidir le Sláinte 2024- go ndúirt na máithreacha seo ar fad nár éisteadh leo agus nach raibh siad ag iarraidh go dtarlódh an méid a tharla dóibh do dhaoine eile. Tá mé faoi gheasa ag a n-altrúchas ag am deacair, chomh pearsanta den sórt sin ina saol.

"Ní féidir liom áibhéil a dhéanamh faoi seo: maidir le cúrsaí máithreachais, is é guth na máthar an rud is tábhachtaí agus í ag léiriú imní fúithi féin nó faoina leanbh. Lig dom a bheith chomh soiléir agus is féidir - tosaíonn sé sin anois. Níl leithscéal ar bith ann.

"Tá mé thar a bheith aireach freisin go léiríonn gach cuairt, gach tuarascáil sna meáin – cé go bhfuil sé tábhachtach don trédhearcacht – tréimhse thubaisteach ina saolta.

"Le linn mo chuairte inniu chaith mé seal le cuid den fhoireann san aonad máithreachais agus chuala mé uathu go díreach. Bhuail mé freisin le Bainistíocht Feidhmiúcháin an ospidéil agus leis an bhfoireann bainistíochta sheachtrach atá ag déanamh maoirseachta ar sheirbhísí máithreachais san ospidéal faoi láthair chun a n-aiseolas luath a mheas. Tá sé i gceist agam bualadh leis an bhfoireann seo arís i gceann coicíse eile.

"Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtógfar gach céim atá cuí chun tús áite a thabhairt do shábháilteacht othar agus cúram nuabheirthe i bPortiuncula, agus i ngach ospidéal máithreachais in Éirinn. Leanfaidh mé orm ag plé leis na foirne ag Portiuncula agus muid ag fanacht le críochnú na n-athbhreithnithe."