Ráiteas ón Aire Sláinte maidir le gníomhaíocht thionsclaíoch atá curtha ar fionraí ag ceardchumainn na hearnála sláinte
- Foilsithe: 30 Márta 2025
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá fáilte curtha ag an Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill, roimh an gcomhaontú ar thángthas air le comhlachtaí ionadaíocha na foirne tar éis cainteanna an deireadh seachtaine seo, agus roimh an gcinneadh chun an ghníomhaíocht thionsclaíoch atá beartaithe, a bhí le tosú Dé Luain an 31 Márta, a chur ar fionraí.
Dúirt an tAire Carroll MacNeill:
"Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine as a gcuid oibre thar an deireadh seachtaine chun teacht ar chomhaontú a chinnteoidh go n-oibreoidh gach seirbhís sláinte mar is gnách maidin Luain, agus gur féidir le hothair a bheith cinnte go mbeidh a gcoinní sceidealaithe acu, mar a bhí beartaithe.
"Cinntíonn an comhaontú seo sábháilteacht othar agus seachadadh leanúnach na seirbhísí riachtanacha go léir.
"Tá infheistíocht agus fás gan fasach feicthe againn i líon na foirne atá ag obair inár seirbhís sláinte le 5 bliana anuas, agus táim tiomanta don fhórsa saothair a fhorbhairt agus a nuachóiriú tuilleadh chun freastal ar riachtanais ár ndaonra atá ag fás agus ag dul in aois.
"Tá ríméad orm go leanfaidh ár bpleananna ar aghaidh chun os cionn 6,500 ball foirne breise a earcú in 2025, agus cinnteoidh an comhaontú seo go leanfaidh FSS ar aghaidh ag feidhmiú laistigh dá mbuiséad pá leithdháilte."