Ráiteas ón Aire Sláinte Stephen Donnelly - Dé hAoine an 18 Meán Fómhair 2020
- Foilsithe: 18 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tháinig an Comh-aireacht le chéile tráthnóna inniu chun cinneadh a dhéanamh faoin mbealach is fearr le freagairt don mhéadú sciobtha i gcásanna COVID-19 i mBaile Átha Cliath. Ghlacamar le moladh na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí do Bhaile Átha Cliath, cathair agus contae, bogadh go Leibhéal 3 ar feadh trí seachtaine.
Tá sé seo cosúil leis an gcur chuige a glacadh i gCill Dara, Laois agus Uíbh Fhailí, a bhí éifeachtach chun scaipeadh an víris a chur faoi chois go tapa.
Tá líon na gcásanna nua in aghaidh an lae, líon na ndaoine in ospidéal, lena n-áirítear dianchúram, ag méadú i gcónaí. Tugann réamh-mheastacháin samhaltaithe le fios go mbeadh Baile Átha Cliath ag na leibhéil chéanna a chonacthas i mí Aibreáin agus i mí na Bealtaine taobh istigh de chúpla seachtain má leanann an ráta méadaithe reatha mar atá. Tá níos mó cásanna le feiceáil in aoisghrúpaí níos sine, agus le roinnt laethanta anuas tá roinnt bardaí in ospidéil Bhaile Átha Cliath ina mbardaí tiomnaithe COVID-19. Tháinig méadú freisin ar líon na gcásanna a bhaineann le tithe altranais le seachtainí beaga anuas.
Is ionann an ráta minicíochta náisiúnta 14 lá agus 62 duine in aghaidh gach 100,000. I mBaile Átha Cliath is ionann an ráta minicíochta agus 121 in aghaidh gach 100,000. Go luath i mí Iúil, ba ionann an ráta minicíochta náisiúnta agus 3 in aghaidh gach 100,000.
Tá an treocht an-soiléir.
Léiríonn ár samhaltú má leanann patrún reatha tharchur an ghalair go mbeidh idir 500 agus 1,000 cás in aghaidh an lae i gceann míosa, go mbeidh 50-60 faoin gcéad de sin i mBaile Átha Cliath.
Tuigim go maith cé chomh deacair is atá na bearta seo do theaghlaigh, do ghnóthaí, do ghrúpaí pobail, don spóirt agus dóibh siúd sna healaíona. Mura ngníomhóimis, chuirfí go leor daoine i mbaol. Chuirfí seirbhísí sláinte i mbaol. Chuirfí i bhfad níos mó post i mbaol. Ní cinneadh é seo a rinneamar go héasca ach is é seo an chaoi a gcuirfimid an víreas faoi chois.
Bhí an cinneadh a rinne an Comh-Aireacht bunaithe ar fhachtóirí éagsúla, lena n-áirítear:
- an riosca méadaithe go mbeadh leibhéal níos airde tarchuir i measc grúpaí níos leochailí inár sochaí mar thoradh ar mhéid iomlán an ghalair.
- an riosca go mbeadh níos mó daoine in ospidéal agus níos mó básanna mar thoradh ar leibhéil níos airde tarchuir i ngrúpaí níos leochailí.
- an riosca go gcuirfeadh an staid i mBaile Átha Cliath dlús leis an bhfás i gcásanna i gcontaetha eile ar fud na tíre.
Tá na bearta seo dírithe go sonrach ar theagmhálacha sóisialta a theorannú agus ar ghrúpaí a laghdú.
Tá go leor tíortha AE ag pointe criticiúil freisin. Le cúpla lá anuas thug stiúrthóir réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte rabhadh faoi tharchur méadaithe san Eoraip agus dúirt sé gur cheart go mbeadh na figiúirí “mar oscailt súl dúinn go léir”.
Thaifead an Fhrainc an líon cásanna is airde laethúil an tseachtain seo ó thosaigh an phaindéim. Tá bearta nua á dtabhairt isteach i Madrid, áit a bhfuil ardú mór tagtha ar chásanna. San Iodáil, tá oifigigh ag tuairisciú thart ar 1,900 ionfhabhtú nua gach lá - ardú suntasach ó 200 go luath i mí Iúil.
Caithfidh gach duine againn ár n-iompar a athrú chun scaipeadh COVID-19 a mhoilliú. Go simplí, caithfimid é seo a dhéanamh chun beatha daoine a shábháil.
Caithfimid go léir a bheith airdeallach. Níos luaithe an tseachtain seo, chuir mo dhochtúir teaghlaigh in iúl dom tástáil COVID-19 a dhéanamh. Bhí an t-ádh orm nár aimsíodh COVID-19, ach táim ag féin-aonrú go fóill, de réir na treorach sláinte poiblí.
Ba chóir do gach duine sa tír, ní amháin iad siúd i mBaile Átha Cliath, a gcuid teagmhálacha sóisialta a laghdú láithreach.
Éileoidh na bearta a thabharfar isteach i mBaile Átha Cliath ó mheán oíche anocht tacaíocht ó gach duine. Is féidir linn tarchur an víris seo a laghdú. D'oibríomar le chéile ó thús na paindéime seo, agus tá sé tábhachtach go leanfaimid ar fad ag déanamh ár gcuid anois.
Nótaí don Eagarthóir
Sonraí Bhaile Átha Cliath
- Le coicís anuas (go dtí an 17 Meán Fómhair) aimsíodh 2,970 cás. Do gach 100,000 duine a chónaíonn in Éirinn bhí 62 cás nua ann. Cúpla mí ó shin (go luath i mí Iúil), nuair a bhí srianta á mbaint, ní raibh ach 3 chás in aghaidh gach 100,000 den daonra.
- I mBaile Átha Cliath bhí 1,629 cás nua, rud a chiallaíonn go raibh 121 cás nua ann in aghaidh gach 100,000 duine.
- Tá cásanna scaipthe go forleathan ar fud Bhaile Átha Cliath. Tá ráta minicíochta os cionn 100 cás in aghaidh 100,000 den daonra sa chuid is mó de cheantair Bhaile Átha Cliath le coicís anuas.
- Fuair leath na ndaoine i mBaile Átha Cliath a tholg COVID-19 an víreas trí dhlúth-theagmháil le cás deimhnithe. Tá 35-40% de na cásanna nasctha le tarchur pobail, áfach, rud a chiallaíonn nach bhfuil a fhios againn go leor faoin gcaoi a bhfuair siad é chun na cásanna sin a nascadh le ráig shainithe nó le modhanna tarchuir eile.
- Baineann níos mó cásanna le ráigeanna i dtithe príobháideacha i mBaile Átha Cliath ná sa chuid eile den tír.
- Bhí 80 othar le COVID-19 san ospidéal amhail maidin Dé hAoine. Ní raibh ach 53 san ospidéal Dé hAoine seo caite. As na 80 othar sin, tá 51 acu in ospidéil i gceantar Bhaile Átha Cliath