Ráiteas ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Céadaoin 19 Lúnasa 2020
- Foilsithe: 19 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuair 2 duine bás in Éirinn de bharr COVID-19 a bheith orthu.
Is ionann an líon daoine atá básaithe i gcúinsí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn anois ná 1,775* san iomlán. (*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 2 bhás a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr 1,775.)
Ó mheán oíche Dé Máirt, 18 Lúnasa, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 54 cás dearbhaithe de COVID-19. Tá 27,547** cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo. (Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 6 chás deimhnithe a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr 27,547.)
De na cásanna a tuairiscíodh inniu:
- is fir iad 24 / is mná iad 29
- tá 67% faoi bhun 45 bliain d’aois
- tá sé dearbhaithe go mbaineann 27 le ráigeanna nó is dlúth-theagmhálaí iad de chás deimhnithe
- is de bharr tras-seoladh pobail iad 8 chás
- tá 19 cás i mBaile Átha Cliath, 8 i i gCill Dara, 5 i dTiobraid Árann agus tá an chuid eile de na cásanna scaipthe i gCeatharlach, sa Chlár, Dún na nGall, Ciarraí, Cill Chainning, Laois, Luimneach, Loingfoirt, an Mhí, Uíbh Fhailí, Port Lairge
Tá an FSS ag obair chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhálaí de na hothair a shainaithint, ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas scaipeadh breise den ghalar a chosc.
Soláthraíonn COVID-19 Dashboard faisnéis cothrom le dáta maidir le heochairtháscairí COVID-19 i measc an phobail.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leasphríomhoifigeach Leighis Gníomhach sa Roinn Sláinte:
"Chun beathaí a shábháil agus an víreas seo a chur faoi chois, ní mór do gach duine an líon daoine lena mbuaileann siad a laghdú sna trí sheachtain atá romhainn. Má dhéanann teaghlaigh agus fostóirí agus eagraíochtaí iarracht mhór, is féidir leis an iarracht chomhchoiteann sin éifeacht ollmhór a bheith aici ar an tras-seoladh pobail, agus cabhróidh sé linn ár dteaghlaigh agus ár bpobal a chosaint ó COVID-19.
"Is féidir fós spórt a imirt, dul go dtí bialann agus bualadh le cairde, ach táimid ag iarraidh oraibh é seo a dhéanamh ar bhealach atá chomh sábháilte agus is féidir. Dírigh isteach ar dhá uimhir faoi leith – 6 agus 15. Ná bíodh níos mó ná 6 duine ar cuairt i do theach agus i do gháirdín, agus taobh amuigh ní cóir níos mó ná 15 duine a bhualadh le chéile, agus fiú ansin ní mór scaradh amach óna chéile."
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
- Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
- Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
- Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
- Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
- Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd:
- fiabhras (ardteocht - 38 céim Celsius nó os a cionn)
- casacht- is féidir le haon saghas casachta a bheith i gceist leis seo, seachas díreach casacht thirim
- gearranáilnó deacrachtaí anála
- caillteanas bolaidh nó má thagann athrú ar do bholadh nó do bhlas
- comharthaí ar nós fliú