English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Luain 3 Lúnasa 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuair aon duine bás de bharr COVID-19 a bheith orthu.

Is ionann an líon daoine atá básaithe i gcúinsí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn anois ná 1,763 san iomlán.

Amhail meán oíche Dé Domhnaigh, 2 Lúnasa, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 46 chás dearbhaithe de COVID-19. Tá 26,208 cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo.

De na cásanna a tuairiscíodh inniu:

  • is fir iad 27 / is mná iad 19
  • tá 85% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • baineann 32 le briseadh amach nó is dlúth-theagmhálaí iad de chás deimhnithe
  • is de bharr tras-seoladh pobail iad 5 chás
  • ta 15 cás lonnaithe i gCill Dara, 8 i Laois, 7 sa Chlár, 5 in Uibh Fhailí agus tá an 11 eile scaipthe ar fud naoi gcontae eile

Tá an FSS ag obair chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhálaí de chás dearbhaithe a shainaithint, ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas scaipeadh breise den ghalar a chosc.

Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leasphríomhoifigeach Leighis Gníomhach sa Roinn Sláinte:

"Tá formhor mór na ndaoine óga in Éirinn ag leanúint comhairle sláinte poiblí agus ta íobairtí suntasacha déanta acu chun iad féin agus daoine eile a chosaint. Rachaidh daoine de gach aois amú ó am go chéile de réir mar a théann siad i dtaithí ar bheith ag maireachtáil go sábháilte leis an víreas seo. Níor chóir dúinn an milleán a chur ar a chéile. Ina ionad sin, ba chóir dúinn bheith spreagúil dá chéile chun cur leis na tréaniarrachtaí atá déanta againn go dtí seo, agus iad a chothú.

"Leanaimid orainn ag gríosú daoine chun go gcloífidís leis an iompraíocht shábháilte atá molta againn cosúil leis an scaradh sóisialta, lámha a ní go rialta, aghaidhmhasc a chaitheamh más cuí, sluaite a sheachaint, agus gach rud eile ar féidir linn a dhéanamh chun cosaint a thabhairt dá chéile.

"Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag leanúint le monatóireacht ghéar a dhéanamh ar chúrsaí agus buailfidh sí le chéile arís amárach.

Soláthraíonn COVID-19 Dashboard faisnéis cothrom le dáta maidir le heochairtháscairí COVID-19 i measc an phobail.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:

  • Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
  • Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
  • Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
  • Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
  • Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach

Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.

Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19

Is iad siúd: