Ráiteas ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Dé Máirt 18 Lúnasa 2020
- Foilsithe: 18 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil duine amháin (1) a raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.
Is ionann an líon daoine atá básaithe i gcúinsí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn anois ná 1,775 san iomlán.
Amhail meán oíche Luain, 17 Lúnasa, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 190 cás dearbhaithe de COVID-19. Tá 27,499* cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo.
De na cásanna a tuairiscíodh inniu:
- is fir iad 76 agus is mná iad 111
- tá 75% faoi bhun 45 bliain d’aois
- tá sé dearbhaithe go mbaineann 75 le ráigeanna nó is dlúth-theagmhálaí iad de chás deimhnithe
- is de bharr tras-seoladh pobail iad 14 chás
- tá 48 i gCill Dara, 46 i mBaile Átha Cliath, 38 i dTiobraid Árann, 20 i Luimneach, 7 sa Chlár agus 31 cás eile scaipthe ar fud na contaetha Ceatharlach, Corcaigh, Ciarraí, Cill Chainnigh, Laois, an Lú, an Mhí, Uíbh Fhailí, Port Láirge, Loch Garman agus Cill Mhantáin
Tá an FSS ag obair chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhálaí de na hothair a shainaithint, ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas scaipeadh breise den ghalar a chosc.
Soláthraíonn COVID-19 Dashboard faisnéis cothrom le dáta maidir le heochairtháscairí COVID-19 i measc an phobail.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leasphríomhoifigeach Leighis Gníomhach sa Roinn Sláinte:
"De réir mar a fhoghlaimímid conas maireachtáil leis an ngalar seo, ní mór dúinn cothromaíocht a aimsiú idir taitneamh a bhaint as an saol agus muid féin a iompar go freagrach. Tríd ár dteagmháil shóisialta a laghdú agus an chomhairle sláinte poiblí a leanúint, is féidir linn an víreas seo a chur faoi chois.
"Chun ár siopaí, ár n-óstáin, ár mbialanna agus ár ngníomhaíochtaí spóirt a comheád ar oscailt, ní mór do gach teaghlach a chion a dhéanamh, agus do gach áit oibre agus d’eagraíochtaí timpeallacht shábháilte a chur ar fáil ionas gur féidir linn ár ndaoine muinteartha a chosaint, mar aon leis na daoine is leochailí agus ár seirhbísí sláinte, agus cinnte a dhéanamh go rachaidh páistí ar ais ar scoil sna seachtainí atá romhainn."
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis ceithre chás deimhnithe a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr 27,499.
Nótaí don Eagarthóir:
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
- Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
- Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
- Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
- Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
- Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd:
- fiabhras (ardteocht - 38 céim Celsius nó os a cionn)
- casacht- is féidir le haon saghas casachta a bheith i gceist leis seo, seachas díreach casacht thirim
- gearranáilnó deacrachtaí anála
- caillteanas bolaidh nó má thagann athrú ar do bholadh nó do bhlas
- comharthaí ar nós fliú