Ráiteas ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí : Déardaoin 6 Lúnasa 2020
- Foilsithe: 6 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
- tá 65% faoi bhun 45 bliain d’aois
- baineann 39 le briseadh amach nó is dlúth-theagmhálaí iad de chás deimhnithe
- is de bharr tras-seoladh pobail iad 2 chás
- tá 22 cás lonnaithe in Uíbh Fhailí, 19 i gCill Dara, 8 i Laois, 6 i mBaile Átha Cliath, agus tá an 14 eile scaipthe ar fud ocht gcontae eile (an Chlár, Corcaigh, Dún na nGall, Gaillimh, Luimneach, an Lú, an Mhí agus Loch Garman).
Tá an FSS ag obair chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhálaí de chás dearbhaithe a shainaithint, ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas scaipeadh breise den ghalar a chosc.
Soláthraíonn COVID-19 Dashboard faisnéis cothrom le dáta maidir le heochairtháscairí COVID-19 i measc an phobail.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leasphríomhoifigeach Leighis Gníomhach sa Roinn Sláinte:
"Le coicís anuas, tá 226 cás tagtha chun cinn i gCill Dara, i Laois agus in Uíbh Fhailí. Is ionann sin agus beagnach leath de na cásanna go léir in Éirinn sa tréimhse sin.
"Cé gur féidir formhór na gcásanna a mhíniú trí bhriseadh amach, is rud suntasach é líon na gcásanna seo agus tá sé mar thosaíocht againn anois cinnte a dhéanamh de nach mbeidh tras-seoladh pobail forleathan ann sa réigiún mar thoradh air seo.
"Tá an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí ag leanúint le monatóireacht ghéar a dhéanamh ar chúrsaí. Iarraim ar dhaoine sna contaetha seo bheith ar a n-aire chun cosc a chur ar scaipeadh amach COVID-19 sna ceantair seo."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach na hÉireann um Shamaltú Eipidéimeolaíochta de chuid NPHET:
"Tá méadú suntasach feicthe againn i líon na gcásanna a tuairiscíodh le seachtain anois. Meastar go bhfuil an uimhir-R ag a 1.8 anois. Is mórchúis imní é go bhfuil an uimhir atáirgthe anois ag beagnach 2 agus cé nach bhfuil méadú suntasach feicthe againn fós sa tras-seoladh pobail, tá riosca suntasach ann go bhféadfadh athrú teacht air seo sna laethanta agus sna seachtainí ata le teacht, agus ta gá ann i gcónaí bheith an-chúramach ar fad gan aon rud a dhéanamh a chuirfeadh le tarchur an víris.”
Dúirt an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniúil na FSS:
"Tá foirne Sláinte Poiblí curtha ar an eolas maidir le suíomhanna na ráigeanna seo mar is gnách, agus tá an rianú teagmhálaithe agus an tástáil ag dul ar aghaidh mar is gá. Tá sé mar fhócas againn anois na ráigeanna seo a shrianú agus gníomhú mar is gá.
"Tá sé an-tábhachtach freisin go leanfaidh daoine an chomhairle sláinte poiblí a thugaimid agus go seachnóidís sluaite, go háirithe taobh istigh, agus go gcuirfidís srian ar an líon daoine a bhfuil teagmháil agat leo. Sheol an Roinn Sláinte agus an FSS an chéad chéim eile dár bhfeachtas cumarsáide inniu agus táthar ag spreagadh daoine chun leanúint leis an iompraíocht cosanta cosúil leis an scaradh sóisialta, lámha a ní go rialta, aghaidhmhasc a chaitheamh más cuí, agus an aip rianaithe COVID-19 a íoslódáil."
DEIREADH
Nótaí don Eagarthóir:
Ba cheart go mbeadh na tosca baoil go dtiocfaidh COVID-19 orainn ar eolas ag gach duine:
- Fad – téann an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort in airde de réir mar a thagann laghdú ar an bhfad idir tú féin agus daoine eile. Fan 2 mhéadar amach ó dhaoine eile, sa chás gur féidir
- Gníomhaíocht – Is féidir leis an mbealach a chaitheann tú am le daoine agus na rudaí a dhéanann tú leo an baol atá romhat a mhéadú. Cloígh le Treoirlínte Bí Sábháilte an rialtais nuair a bhíonn am á chaitheamh agat le daoine eile
- Am – Dá mhéid ama a chaitheann tú le teagmháil dhlúth a dhéanamh le daoine eile is airde an baol go dtiocfaidh COVID-19 ort. Coimeád cuntas ar na daoine a gcaitheann tú am leo agus ar conas a chaitheann tú am leo
- Timpeallacht – Tá sé níos sábháilte bheith taobh amuigh ná bheith taobh istigh. Cas le daoine eile taobh amuigh, sa chás gur féidir. Mura féidir seo a dhéanamh, coimeád fuinneoga agus doirse ar oscailt nuair a chasann tú le daoine eile taobh istigh
- Comharthaí – Bíodh eolas agat ar na comharthaí. Má tá na comharthaí ort, déan féinaonrú agus déan teagmháil le do dhochtúir ginearálta láithreach
Tá Comhairle Sláinte Poiblí do gach saoránach ar fáil anseo.
Bíodh eolas agat ar chomharthaí COVID-19
Is iad siúd:
- fiabhras (ardteocht - 38 céim Celsius nó os a cionn)
- casacht- is féidir le haon saghas casachta a bheith i gceist leis seo, seachas díreach casacht thirim
- gearranáilnó deacrachtaí anála
- caillteanas bolaidh nó má thagann athrú ar do bholadh nó do bhlas
- comharthaí ar nós fliú