Ráiteas ón bhFhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí - Déardaoin 9 Iúil 2020
- Foilsithe: 9 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 6 duine a raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil.
Is ionann an líon daoine atá básaithe i gcúinsí a bhaineann le COVID-19 in Éirinn anois ná 1,743* san iomlán.
Amhail meán oíche Dé Máirt, an 30 Meitheamh, tá fógra tugtha don HSPC maidir le 23 chás dearbhaithe de COVID-19. Tá 25,565** cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn san iomlán ag an bpointe seo.
Tá an FSS ag obair chun aon duine a d’fhéadfadh a bheith ina theagmhálaí de chás dearbhaithe a shainaithint, ionas gur féidir faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do dhaoine dá leithéid faoi conas scaipeadh breise den ghalar a chosc.
Bhuail an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le chéile inniu (Déardaoin 9 Iúil) chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhreagairt leanúnach agus ullmhacht na hÉireann ar COVID-19.
Dúirt an Dr. Ronan Glynn, Leasphríomhoifigeach Leighis Gníomhach sa Roinn Sláinte:
"Inniu tá sé molta ag NPHET gur chóir do dhaoine atá ag tabhairt cuairte ar thimpeallachtaí chúram sláinte, lena n-áirítear ospidéil, dochtúirí teaghlaigh agus cógaslanna, masc aghaidhe a chaitheamh.
"Tá baint dhíreach nó indíreach ag 15 de na cásanna atá deimhnithe inniu leis an taisteal. Tá sé á rá arís ag NPHET gur chóir gach turas thar lear nach bhfuil riachtanach a sheachaint.
"Ina theanna sin, i gcás 77% de na cásanna a thuairiscítear inniu, tá na daoine faoi bhun 25 bliain d’aois. Is galar fíorthógálach é an COVID-19 agus níl imdhíonacht ag duine ar bith air. Tá sé tábhachtach go leanaimis go léir an chomhairle maidir le sláinte phoiblí agus go ndéanfaimís measúnú riosca ar ár ngíomhartha."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach na hÉireann um Shamaltú Eipidéimeolaíochta de chuid NPHET:
"Tá méadú á fheiceáil againn i líon na gcásanna a tuairiscíodh le coicís anois agus tá an uimhir-R ag a haon anois nó os a chionn. Tá gá práinneach ann go dtógfaimis aire agus go mbeimis cúramach maidir lenár gcinntí agus ár ngíomhartha."
Soláthraíonn COVID-19 Dashboard faisnéis cothrom le dáta maidir le eochairtháscairí COVID-19 i measc an phobail.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag an HPSC táthar tar éis 1 bás a dhí-fhógairt. Tá sé sin léirithe san fhigiúr 1,743.