English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Náisiúnta um Shláinte Phoiblí - Dé Domhnaigh, 24 Bealtaine 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 25 Bealtaine 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu gur bhásaigh ceathrar le COVID-19.

Tá 1,608 duine ar an iomlán tar éis bháis anois le galar a bhaineann le COVID-19 in Éirinn.

Amhail ón 11rn Dé Domhnaigh 24 Bealtaine cuireadh 57 cás deimhnithe de COVID-19 in iúl don HPSC. Tá 24,639 cás deimhnithe de COVID-19 in Éirinn anois.

Tá FSS ag obair chun aon teagmhálacha a bhí ag na hothair a shainaithint chun faisnéis agus comhairle a thabhairt dóibh in iarracht leathadh breise an ghalair a chosc.

Tugann sonraí an lae inniu ón HPSC, amhail ó mhéan oíche Dé hAoine 22 Bealtaine (24,569 cás), le fios:

  • gur mná iad 57% agus fir iad 43%
  • is é 48 bliain d’aois meán-aois na gcásanna deimhnithe
  • tá 3,222 cás (13%) curtha san ospidéal
  • astu sin a cuireadh san ospidéal, cuireadh 394 cás san Aonad Dianchúraim
  • baineann 7,819 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an líon is mó cásanna i mBaile Átha Cliath ag 1,873 (48% de na cásanna ar fad) agus ina dhiaidh sin i gCorcaigh áit ina bhfuil 1,428 cás (6%) agus Cill Dara áit ina bhfuil 1,392 cás (6%)
  • astu sin a bhfuil an stádas tarchurtha ar eolas ina leith: is sa bpobal a tarchuireadh 59% de chásanna, teagmháil dhlúth ba chúis le 38%, agus taisteal thar lear ba chúis le 3%

CRÍOCH