English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 29 Aibreán 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 31 duine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.

Tá 1,190 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 11am Dé Céadaoin, an 29 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 376 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 20,253 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón HPSC amhail meán oíche, Dé Luain, an 27 Aibreán (19,723 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • mná 58% díobh agus fir 42% díobh.
  • is é 49 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • tugadh 2,669 cás (13%) go dtí an t-ospidéal
  • astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 355 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • baineann 5,568 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (9,751 cás, 49% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCill Dara (1,162 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,136 cás, nó 6%)
  • astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 63%, is ionann teagmháil dhlúth agus 34%, is ionann taisteal thar lear agus 3%

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte: “Measaimid go bhfuil biseach tagtha ar 12,222 cás COVID-19 (64%) sa phobal amhail Dé Sathairn, an 25 Aibreán. Scaoileadh le 1,164 cás (6%) ón ospidéal agus fágann sin ráta bisigh iomláin 70%.”

Dúirt an Dr Kathleen MacLellan, Rúnaí Cúnta na Roinne Sláinte agus Cathaoirleach Fhoghrúpa Daoine Leochaileacha an FÉSPN: “Tá Éire fós ar cheann den bheagán tíortha ar fud an domhain a bhailigh agus a thuairiscigh sonraí go hoifigiúil ó shuíomhanna cúraim chónaithe fhadtéarmaigh ó thús na paindéime.

“Ó dheireadh Márta, tá méadú ar bhásanna san earnáil seo tugtha faoi deara againn ar COVID-19 ba chúis leo.

“De réir mar a leanaimid le sonraí básmhaireachta ón earnáil seo a bhailiú agus a thuairisciú, beidh tuiscint níos fearr againn ar iompar an ghalair sa suíomh seo agus cabhróidh sé linn chun eolas a chur ar fáil do ghníomhartha sláinte poiblí agus cúram cliniciúil.”

Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Ceann Náisiúnta FSS um Chúram Comhtháite; “Tá iarracht mhór déanta againn chun treoir chliniciúil a fhorbairt don earnáil chúraim chónaithe. Rinne seo an fhreagairt oibríochtúil a chur chun cinn agus thacaigh oideachas don fhoireann go léir san earnáil seo leis.

“Baineann ríthábhacht leis an obair seo maidir lena chinntiú go dtugtar an cúram is fearr agus is féidir dár ndaoine is leochailí i dtréimhse atá an-dúshlánach.”

CRÍOCH