English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - 1 Bealtaine 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Bealtaine 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 3 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 4,906 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé hAoine, an 30 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 569 cás deimhnithe de COVID-19.

Tá 249,437* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • Fir 268 díobh / mná 290 díobh
  • Tá 78% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 26 bliain an mheánaois

Amhail 8am inniu, tá 123 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 41 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 5 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 29 Aibreán 2021, tugadh 1,527,844 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • Tá a gcéad dáileog faighte ag 1,097,742 duine.
  • Tá a dara dáileog faighte ag 430,102 duine.
  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 2 chás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 249,437 cás deimhnithe.

• Meán gluaisteach 5 lá 476 cás