English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - 16 Aibreán 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 16 Aibreán 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 11 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

As na básanna a tugadh le fios inniu, tharla 3 bhás in Aibreán, 1 bhás i Márta, 2 bhás i bhFeabhra agus tharla 5 bhás in Eanáir nó níos luaithe.

Is é 88 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise 77-94 bliain.

Tá 4,831 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Déardaoin, an 15 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 420 cás deimhnithe de COVID-19.

Tá 242,819* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 3 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 242,819 cás deimhnithe.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir 218 díobh agus mná 197 díobh
  • tá 74% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 32 bliain an mheánaois
  • tá 147 cás i mBaile Átha Cliath, 41 sa Mhí, 33 i nDún na nGall, 26 i nGaillimh, 18 i Luimneach agus tá an fuílleach 155 cás leata i measc na gcontaetha eile go léir

Amhail 8am inniu, tá 190 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 53 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 12 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 14 Aibreán 2021, tugadh 1,121,003 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • Tá a gcéad dáileog faighte ag 789,526 duine.
  • Tá a dara dáileog faighte ag 331,477 duine.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

  • Ráta na dteagmhas 7 lá 55.9 cás
  • Meán gluaisteach 5 lá 381 cás
Contae Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 15/4/21) Meán gluaisteach 5 lá Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra Cásanna nua le 14 lá anuas
Éire 420 381 119 5,666
Uíbh Fhailí 6 13 211.6 165
Cill Dara 14 29 196.9 438
Dún na nGall 33 29 190.3 303
Baile Átha Cliath 147 150 181.8 2,449
Laois 11 9 160.6 136
An Mhí 41 19 142.0 277
An Cabhán 8 8 137.8 105
An Longfort <5 3 137.0 56
An Iarmhí 10 6 131.8 117
16 9 107.8 139
Muineachán 10 4 102.6 63
Ros Comáin 8 4 100.7 65
Maigh Eo <5 9 91.2 119
Cill Mhantáin 11 7 87.8 125
Gaillimh 26 15 83.3 215
Luimneach 18 16 76.4 149
Port Láirge 8 9 72.3 84
Liatroim <5 3 71.8 23
Loch Garman 6 6 67.5 101
Tiobraid Árann 6 5 63.9 102
Corcaigh 17 12 49.6 269
Ceatharlach 6 4 49.2 28
Ciarraí <5 6 39.3 58
An Clár <5 5 37.0 44
Cill Chainnigh <5 3 24.2 24
Sligeach <5 0 18.3 12