English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - 17 Aibreán 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 17 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 17 Aibreán 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 44 duine ar diagnóisíodh go raibh COVID-19 orthu.

  • Bhí 33 duine a fuair bás lonnaithe san oirthear, 3 san iarthar agus 5 i ndeisceart na tíre
  • Bhí 19 fear agus 25 bean i measc na ndaoine a fuair bás
  • Is é 84 bliain meánaois na ndaoine a tugadh le fios a fuair bás inniu
  • Tugadh le fios go raibh bunriochtaí sláinte ar 25 duine

Tá 530 duine tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19. Léirítear an méid seo a leanas in achoimre ar gach ceann de na 530 bás a sholáthair an IFCS;

  • Fir 308 (58%) díobh siúd a fuair bás, mná 222 (42%) díobh
  • Is é an raon aoise 23-105 bliain
  • Is é 83 bliain meánaois na ndaoine a fuair bás
  • Tugadh 316 de na cásanna seo go dtí an t-ospidéal agus tugadh 45 díobh go dtí an tAonad Dianchúraim

Amhail 11.15am Dé hAoine, an 17 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas na cásanna seo a leanas;

  • Tugadh le fios i saotharlanna na hÉireann go bhfuil 597 cás nua breise deimhnithe de COVID-19 ann
  • Tugadh le fios i saotharlann sa Ghearmáin go bhfuil 112 cás deimhnithe breise de COVID-19 ann

Nuair a chuirtear na figiúirí is déanaí ón nGearmáin san áireamh, tá 13,980 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Céadaoin, an 15 Aibreán (13,012 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • Fir 44% díobh agus mná 55% díobh, agus tá 436 braisle ann ina bhfuil 2,723 cás
  • Is é 48 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • Tugadh 2,082 cás (16%) go dtí an t-ospidéal
  • Astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 294 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • Baineann 3,347 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • Tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (6,567 cás, 51% de na cásanna go léir) agus tá an dara méid is airde i gCorcaigh (945 cás, nó 7%)
  • Astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 53%, is ionann teagmháil dhlúth agus 42%, is ionann taisteal thar lear agus 5%

Chas an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta ar a chéile inniu (Dé hAoine, an 17 Aibreán) chun leanúint lena n-athbhreithniú leanúnach ar fhreagairt na hÉireann do COVID-19.

I measc na gcinntí a rinneadh sa chruinniú seo, bhí an méid seo a leanas:

  • Acmhainn tástála a mhéadú aníos go dtí 100,000 tástáil sa tseachtain ag oibriú seacht lá sa tseachtain ar feadh ar a laghad sé mhí
  • I gcaitheamh na chéad 7-10 lá amach romhainn, tabharfar tús áite do thástáil a dhéanamh ar an bhfoireann agus ar chónaitheoirí i ngach saoráid Chúraim Chónaithe Fhadtéarmach (CCFT)
  • Táthar le tabhairt faoi dhaonáireamh ar bhásmhaireacht i measc na saoráidí CCFT go léir an deireadh seachtaine seo a thabharfaidh gach bás san áireamh, idir bhásanna COVID-19 agus bhásanna neamh-COVID-19, ón 1 Eanáir 2020, gan aird ar an áit ar tharla an bás

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte;

“Ag cruinniú an lae inniu den Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta, cheadaíomar togra chun an tástáil a mhéadú a dhéantar ar an bhfoireann agus ar chónaitheoirí ar fud na suíomhanna cúraim chónaithe fadtéarmacha go léir, tithe altranais san áireamh. Leanann iompar an víris i measc grúpaí leochaileacha a chónaíonn sna suíomhanna cúraim seo a bheith ina ábhar buartha agus leanann an FÉSPN le tús áite a thabhairt dó seo.

“Cé go bhfuil an galar á chur faoi chois againn i measc an phobail i gcoitinne, ní féidir linn éirí réchúiseach. Le fanacht sábháilte ó COVID-19, is gá dúinn leanúint lenár lámha a ní go hiomlán agus go rialta, casacht isteach inár n-uillinneacha agus scaradh sóisialta a dhéanamh. Is féidir leis na bearta simplí seo scaipeadh an víris seo a mhoilliú agus saol daoine a choimeád slán.”

Dúirt an Dr Colm Henry, an Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:

“Tragóid atá i ngach bás mar gheall ar COVID-19 a thugtar le fios. Níl leigheas ar an mbreoiteacht seo agus cé nach mbeidh ach foirm éadrom den ghalar ar 80% den daonra, tá baol i bhfad níos mó ann dár ndaoine breacaosta agus do dhaoine níos leochailí mar gheall ar iompar an ghalair seo laistigh den ghrúpa seo.”

Cuireann Deais Eolais COVID-19 na Roinne Sláinte an t-eolas is déanaí ar fáil ar chásanna.