English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin, an 13 Bealtaine 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 13 Bealtaine 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 10 nduine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.

Tá 1,497* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 11am Dé Céadaoin, an 13 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 159 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 23,401 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Luain, an 11 Bealtaine (23,144 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • mná 57% díobh agus fir 43% díobh
  • is é 48 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • tugadh 3,050 cás (13%) go dtí an t-ospidéal
  • astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 389 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • baineann 6,997 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (11,242 cás, 49% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCill Dara (1,344 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,238 cás, nó 5%)
  • astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 60%, is ionann teagmháil dhlúth agus 37%, is ionann taisteal thar lear agus 3%

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá 84% de na daoine ar diagnóisíodh go dtí seo go raibh COVID-19 orthu i ndiaidh teacht as an víreas.

"Cuireadh sonraí breise ar fáil dúinn inniu maidir le cásanna ina bhfuil bunriochtaí sláinte ar dhaoine. As 15,450 cás, nuair atá eolas ar fáil, bhí ar a laghad bunriocht amháin ar 53% de na cásanna. Is iad na bunriochtaí is coitianta a thugtar le fios galar croí ainsealach (15%), galar riospráide ainsealach (11%) agus diaibéiteas (6)."

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Spreagfainn gach duine chun cur amach a bheith acu ar na rudaí is gá dúinn go léir leanúint lena dhéanamh, béasaíocht riospráide, scaradh fisiciúil agus níochán lámh san áireamh. Fad a thosaímid ag smaoineamh faoi shrianta a laghdú, beidh an t-iompar seo fiú níos tábhachtaí."

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,497 bás.