Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin, an 21 Aibreán 2021
- Foilsithe: 21 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 15 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
As na básanna a tugadh le fios inniu, tharla 2 bhás in Aibreán, 3 bhás i Márta, 6 bhás i bhFeabhra agus tharla 4 bhás in Eanáir nó níos luaithe.
Is é 82 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise 56-90 bliain.
Tá 4,856* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 6 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 4,856 bás.)
Amhail meán oíche Dé Máirt, an 20 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 401 cás deimhnithe de COVID-19.
Tá 244,695* * cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 3 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 244,695 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir 217 díobh agus mná 181 díobh
- tá 73% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 31 bliain an mheánaois
- tá 182 cás i mBaile Átha Cliath, 40 i gCill Dara, 31 i nDún na nGall, 23 i Luimneach, 22 i gCorcaigh agus tá an fuílleach 103 cás leata i measc 17 gcontae eile
Amhail 8am inniu, tá 182 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 47 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 19 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 mhí anuas.
Amhail an 19 Aibreán 2021, tugadh 1,219,487 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
- tá a gcéad dáileog faighte ag 863,958 duine
- tá a dara dáileog faighte ag 355,529 duine
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
- ráta na dteagmhas 7 lá 54.7 cás
- meán gluaisteach 5 lá 376 cás