English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin, an 21 Lúil 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 22 Iúil 2021

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 1,378* cás deimhnithe de COVID-19.

Amhail 8am inniu, tá 96 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 22 astu siúd san aonad dianchúraim.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tá 65% dár ndaonra daoine fásta go hiomlán vacsaínithe agus tá an chéad dáileog de vacsaín COVID-19 faighte anois ag 75% de dhaoine fásta agus is féidir le haon duine atá 18 mbliana d’aois agus níos sine clárú do vacsaín ar [external-link https://vaccine.hse.ie/ | vaccine.hse.ie ].

“Is eol dúinn go bhfuil vacsaíní COVID-19 thar a bheith éifeachtach i dtaobh an bhaoil aonair a bhíonn roimh gach duine go dtabharfar chun an ospidéil iad nó go dtiocfaidh galar trom orthu a laghdú. Is mar a chéile an scéal i gcás an leagain Delta.

“Tá sé i bhfad níos éasca an leagan seo a tharchur, áfach, i gcomparáid le leaganacha a rabhamar ag déileáil leo roimhe seo agus tá an dúshlán romhainn go fóill, dá bharr, a mhéid daoine a chosaint agus is féidir trí vacsaíniú a thapúla agus is féidir, i measc na n-aoisghrúpaí go léir.

“Is iad vacsaíní, anuas ar an gcroíchomhairle sláinte poiblí an bealach a gheobhaimid an lámh in uachtar ar an bpaindéim seo – tapaigh an deis, le do thoil, vacsaín a fháil go gcosnófar thú trí vacsaíniú nuair a chuirtear ceann ar tairiscint duit.

“Tá na bearta bunúsacha chomh tábhachtach agus éifeachtach anois a bhí siad ag aon pointe sa phaindéim agus, cuimhnigh, níl aon bheart amháin dóthanach ann féin. Nuair a chasann tú le daoine, coimeád fad amach uathu agus casfar leo lasmuigh, seachain sluaite, seachain spás taobh istigh nach bhfuil dea-aeraithe, úsáid do bhreithiúnas, déan measúnú riosca agus fág mura mbraitheann tú sábháilte, nigh do lámha agus caith masc, déan aonrú agus tabhair faoi thástáil má bhíonn comharthaí ort – ná téigh go dtí an obair agus ná déan sóisialú.”

CRÍOCH