English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin, an 23 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 13 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 2,184 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Máirt, an 22 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 938 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 82,155* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 11 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 82,155 cás deimhnithe.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir 416 díobh agus mná 517 díobh
  • tá 65% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 36 bliain an mheánaois
  • tá 300 cás i mBaile Átha Cliath, 110 i gCorcaigh, 72 i Luimneach, 68 i nDún na nGall, 41 i gCill Dara agus tá an fuílleach 347 cás leata i measc 21 contae eile

Amhail 2pm inniu, tá 251 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 25 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 24 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Chas an FÉSPN lena chéile inniu agus rinne siad athbhreithniú ar an gcás eipidéimeolaíochta i láthair na huaire agus rinne siad moltaí don rialtas. Tá gach táscaire a bhaineann leis an ngalar ag méadú, agus ag méadú go mear atá siad. Leanann an méid buartha atá orainn ag dul in airde. Ní foláir dúinn gach rud is féidir linn a dhéanamh ar bhonn aonair agus i dteannta a chéile chun cúrsa an ghalair seo a athrú.

"Athraigh do chuid pleananna don Nollaig lena chinntiú go mbíonn an méid daoine a ndéanann tú teagmháil leo teoranta agus nigh do lámha, coimeád fad fisiciúil amach ó dhaoine eile, bíodh na háiteanna ina bhfuil tú aeraithe agus caith clúdach aghaidhe más gá do chuairteoirí cuairt a thabhairt ar d’áit chónaithe."

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá an cás eipidéimeolaíochta a rinneadh a athbhreithniú inniu ar an gceann is measa ó bhí mí an Mhárta ann. Ba cheart do dhaoine gníomhú ag gach tráth amhail is go bhfuil an víreas orthu nó orthu siúd a ndéanann siad teagmháil leo. Tá an galar scaipthe ar fud na tíre go léir agus i measc na n-aoisghrúpaí go léir. Caithfimid gníomhú anois chun a chéile a chosaint.

"Tiocfaidh tinneas ar dhaoine agus gheobhaidh roinnt daoine bás mar thoradh ar an ngéarú seo agus ní féidir é sin a sheachaint. Ach níl sé ró-dhéanach gach rud a dhéanamh is féidir linn a dhéanamh chun an tionchar sin a íoslaghdú agus chun an oiread daoine agus is féidir a chosaint."

Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta an FÉSPN:

"Tá an cás éirithe níos measa, fiú le dhá lá anuas. Tá an uimhir atáirgthe idir 1.5 agus 1.8 agus is airde sin ná aon uimhir a thugamar le fios ó mhí an Mhárta ar aghaidh. Ceaptar go bhfuil an ráta fáis laethúil idir 7 agus 9%. Leagtar béim sna sonraí seo gur gá dúinn bheith an-chúramach ar fad i rith na Nollag agus cloí go dian leis an treoir sláinte poiblí."

Dúirt an Dr Cillian De Gascún, Víreolaí Leighis agus Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris:

"Thabharfadh na réamhshonraí le fios, bunaithe ar roinnt samplaí ar a ndearnadh anailís ón deireadh seachtaine, go bhfuil an t-athraitheach úrnua ón Ríocht Aontaithe in Éirinn. Nuair a chuirtear amlíne na samplaí ar a ndearnadh anailís san áireamh, bheadh an dealramh air nach é an t-athraitheach úrnua amháin is cúis leis an méadú ar na líonta cásanna a tugadh faoi deara le déanaí in Éirinn."

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH