English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin, an 28 Deireadh Fómhair 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Deireadh Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 29 Deireadh Fómhair 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 6 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 1,896 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 27 Deireadh Fómhair, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 675 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 59,434* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 8 gcás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 59,434 cás deimhnithe.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir iad 309 díobh / mná iad 364 díobh
  • tá 65% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 35 bliain an mheánaois
  • tá 199 i mBaile Átha Cliath, 104 i gCorcaigh, 67 sa Mhí, 50 i Luimneach, 41 i gCill Dara agus tá an fuílleach 214 cás leata trasna 20 contae

Amhail 2pm inniu, tá 328 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 41 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 19 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 mhí anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Caithfidh gach duine a bheith ar an eolas ar na gníomhartha ba cheart dóibh a ghlacadh má bhíonn comharthaí orthu nó má tá siad ag fanacht le tástáil nó má rinne siad teagmháil le cás deimhnithe.

"Má bhíonn comharthaí COVID-19 ort, caithfidh tú féinaonrú agus glaoch ar do dhochtúir ginearálta chun comhairle bhreise a fháil.

"Má atreoraíodh thú go ndéanfar tástáil ort nó má tá tú ag fanacht le toradh tástála, caithfidh tú féinaonrú.

"Más cás deimhnithe COVID-19 thú, caithfidh tú féinaonrúa dhéanamh ar feadh 10 lá.

"Má shainaithnítear thú nó má shainaithin tú tú féin mar dhuine a rinne teagmháil dhlúth le cás deimhnithe, caithfidh tú srian a chur ar do ghluaiseachtaí.

"Bí ar an eolas ar an gcomhairle sláinte poiblí maidir le COVID-19 agus bí ullmhú chun tú féin agus na daoine timpeall ort a chosaint."

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH