English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Céadaoin, an 6 Bealtaine 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 6 Bealtaine 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 37 duine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.

Tá 1,375* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 11am Dé Céadaoin, an 6 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 265 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 22,248 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Luain, an 4 Bealtaine (21,908 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • mná 57% díobh agus fir 43% díobh
  • is é 49 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • tugadh 2,878 cás (13%) go dtí an t-ospidéal
  • astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 373 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • baineann 6,393 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (10,734 cás, 49% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCill Dara (1,289 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,192 cás, nó 5%)
  • astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 62%, is ionann teagmháil dhlúth agus 35%, is ionann taisteal thar lear agus 3%

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Thug an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte le fios gur dóchúil go dtiocfaidh méaduithe ar chásanna an ghalair agus go mbeidh tréimhsí ann ina ndéantar an víreas a scaipeadh ar íseal-leibhéal ó thráth go chéile arís amach anseo mar chuid de dhinimic COVID-19.

"Ciallaíonn seo go bhféadfadh tréimhsí a bheith ann ina dtagann méadú suntasach ar na líonta daoine a bhfuil an víreas orthu nuair a dhéantar na srianta scartha shóisialta a laghdú in Éirinn.

"Seo an fáth go bhfuil sé ríthábhachtach go gcloítear go dian leis an iompar bunúsach aonair a theastaíonn nuair a laghdófar na srianta scartha shóisialta chun cosaint a dhéanamh in aghaidh tharchur an víris. Tá orainn ár n-iompar a oiriúnú chun maireachtáil go sábháilte le COVID-19."

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Tá 78% de na daoine ar diagnóisíodh go dtí seo go raibh COVID-19 orthu i ndiaidh teacht as an víreas. Is rud an-dearfach é seo agus tá sé ar aon dul leis na líonta daoine ar fud an domhain a thug a gcosa slán as an víreas, ach ní féidir cúrsa an ghalair seo a thuar go fóill i gcás aon duine aonair ar leith. Is tábhachtach go mbímid go léir ar an eolas ar na rioscaí agus gurb eol dúinn conas cosc a chur ar scaipeadh an víris."

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,375 bás.

Maireachtáil go sábháilte le COVID-19:

  • lean ar aghaidh le do lámha a ní agus leis an sláinteachas ceart maidir le casacht/sraoth a ligean
  • coimeád fad 2 mhéadar amach ó dhaoine eile
  • bí thar a bheith airdeallach maidir le comharthaí sláinte agus déan aonrú má bhíonn comharthaí sláinte ort nó má bhíonn comharthaí sláinte ort atá cosúil leis an bhfliú
  • laghdaigh an teagmháil dhlúth a dhéanann tú le daoine agus fad na teagmhála a dhéanann tú le daoine lasmuigh de theaghlaigh
  • bain úsáid as an gcomhairle agus na tacaíochtaí atá ar fáil d’fholláine mheabhrach agus athléimneacht