Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Déardaoin 2 Meán Fómhar
- Foilsithe: 2 Meán Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 1,751* cás deimhnithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 343 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 59 astu siúd san aonad dianchúraim.
CRÍOCH
Cláraigh chun do vacsaín COVID-19 a fháil.
- D’fhéadfadh athrú teacht ar líonta cásanna laethúla mar gheall ar bhailíochtú sonraí a dhéanfar amach anseo.
NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR:
Cuireadh tús arís le tuairisciú ar an méid cásanna COVID-19 trí úsáid a bhaint as Tuairisciú Galair Thógálaigh Ríomhairithe (CIDR) FSS-an IFCS an 2 Meán Fómhair 2021.
Is é CIDR, mar an gcóras faireachais náisiúnta, an fhoinse údarásach le haghaidh sonraí bailíochtaithe faoi chásanna COVID-19 in Éirinn a shásaíonn sainmhíniú Éireannach agus Eorpach ar chásanna.
Roimh an gcibearionsaí a rinneadh ar chórais TF FSS, bunaíodh eipidéimeolaíocht thuairiscithe COVID-19, an líon laethúil cásanna COVID-19 san áireamh, ar fhógraí FSS-an IFCS (CIDR).
Chuir an cibearionsaí cosc ar chásanna, básanna agus briseadh amach COVID-19 a thabhairt le fios go rialta don CIDR. Lena chinntiú gur leanadh le faireachas agus tuairisciú a dhéanamh ar chásanna COVID-19, thug an IFCS cur chuige eile isteach. Bunaíodh seo ar shliocht sonraí ó Rianaire Cúraim COVID FSS (an córas TF a chuireann na sonraí i gcuntas a bhailítear ag agallaimh ghutháin le cásanna COVID-19 agus a dteagmhálaithe dlútha).
Is éagsúil a bheidh líon na gcásanna a thugtar le fios ón CIDR don tréimhse inar imir an cibearionsaí tionchar ó na meastacháin a tugadh le fios bunaithe ar shocruithe eatramhacha.
Ar bhonn laethúil, is éagsúil a bheidh an líon laethúil cásanna a tugadh le fios ón CIDR ón líon tástálacha dearfacha an lá roimhe sin. D’fhéadfaí a áireamh leis an líon laethúil tástálacha dearfacha saotharlainne, atástálacha ar an duine céanna agus imríonn an t-uainiú ina ndéantar torthaí ó shaotharlanna éagsúla a uaslódáil go dtí an CIDR tionchar freisin.
Mar gheall ar bhailíochtú sonraí agus sceidil uaslódála atá beagán éagsúil, tá laghdú thart ar 1,700 cás tagtha ar an líon carnach cásanna ón CIDR, ón 15 Bealtaine go deireadh Lúnasa 2021, i gcomparáid leis an líon a tugadh le fios bunaithe ar CCT agus ar shocruithe eatramhacha. Is ionann an laghdú seo ar an líon cásanna agus thart ar 1.7% de na cásanna iomlána a tugadh le fios bunaithe ar CCT agus ar shocruithe eatramhacha don tréimhse ábhartha.
Is féidir teacht ar shonraí iomlána ar an tionchar a imríonn atosú an tuairiscithe ón CIDR ar láithreán gréasáin an IFCS https://www.hpsc.ie/a-z/respiratory/coronavirus/novelcoronavirus/surveillance/recommencementofreportingfromcidr/