English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, 19 Aibreán 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 19 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 19 Aibreán 2020

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte inniu go bhfuil 39 duine a ndearnadh diagnóis go raibh COVID-19 orthu tar éis bás a fháil in Éirinn.

  • 37 duine a fuair bás atá lonnaithe san oirthear, 2 dhaoine díobh atá in iarthar na tíre
  • I measc na ndaoine sin a fuair bás, bhí 19 mbean agus 20 fear ann
  • Is ionann aois airmheáin na mbásanna atá fógartha inniu agus 84 bliana d’aois
  • 29 duine ann ar tuairiscíodh go raibh bunfhadhbanna sláinte acu cheanna féin

Is ionann an líon daoine atá tar éis bás a fháil i gcúinsí atá gaolmhar le COVID-19 in Éirinn agus 610 duine. Tá achoimre ar na 610 bás go léir déanta ag an HPSC ina bhfuil an méid seo a leanas léirithe;

  • Díobhsan a fuair bás, 346 (57%) fear a bhí ann, agus 264 (43%) bean
  • Is é 23 - 105 bliain an raon aoise atá ann
  • Is í 83 meánaois na daoine sin atá tar éis bás a fháil
  • Cuireadh 337 de na cásanna sin san ospidéal agus ligeadh 46 díobh isteach in Aonaid Dianchúraim

Amhail 11.15 rn Dé Domhnaigh, an 19 Aibreán, tá an HSPC tar éis a bheith curtha ar an eolas maidir leis na cásanna ag seo a leanas;

  • 445 cás dearbhaithe nua de COVID-19 sa bhreis air sin arna tuairisciú ag saotharlanna Éireannacha iad
  • 48 cás dearbhaithe nua de COVID-19 sa bhreis air sin arna tuairisciú ag saotharlanna sa Ghearmáin iad

Agus na figiúir is déanaí ón nGearmáin curtha san áireamh leis, tá 15,251 cás dearbhaithe de COVID-19 in Éirinn ag an bpointe seo, san iomlán.

Tá an FSS ag obair chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh a bheith déanta ag na hothair a aithint chun faisnéis agus comhairle a chur ar fáil do na daoine ábhartha ar conas leathadh breise den ghalar a chosc.

Tá an méid seo a leanas léirithe sna sonraí a nochtaigh an HPSC iad inniu, amhail meán oíche, Dé hAoine, 17 Aibreán (14,602 cás):

  • Is í 48 meánaois na ndaoine atá i gceist sna cásanna deimhnithe
  • 2,223 cás (15%) ann a bhfuil an t-othar curtha san ospidéal
  • As an líon sin daoine, tá 303 cás ann ar cuireadh in Aonad Dianchúraim iad
  • 3,788 cás an líon díobh a bhaineann le hoibrithe cúraim sláinte
  • Tá an líon is mó cásanna lonnaithe i mBaile Átha Cliath, áit a bhfuil 7,379 cás (51% de na cásanna go léir) ann, agus ina dhiaidh sin i gCorcaigh, áit a bhfuil 1,028 cás (7%)
  • As an líon sin daoine a bhfuil eolas againn faoin modh scaipthe a bhí i gceist: áirítear 63% díobh mar an tras-seoladh pobail, 32% díobh mar an dlúth-theagmháil, agus is ionann an céatadán díobh gurb é an taisteal thar lear an cúis atá curtha leo agus 5%

Painéal Faisnéise COVID-19 na Roinne Sláinte; ag cur an fhaisnéis is úrnua maidir le cásanna ar fáil.

CRÍOCH