English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh 3 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (IFCS) inniu gur bhásaigh 7 duine breise i gcúiseanna a raibh baint acu le COVID-19.

Go dtí seo tá 2,259 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn i gcúiseanna a bhain le COVID-19.

Ó bhí meán oíche Dé Sathairn 2 Eanáir ann, tá an IFCS ar an eolas maidir le 4,962 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 101,887* cás deimhnithe COVID-19 ann, ar an iomlán, i láthair na huaire in Éirinn.

(* Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí atá déanta ag IFCS, rinneadh cás amháin (1) a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúir 101,887 de chásanna deimhnithe.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • is fir iad 2,408 / is mnán iad 2,539
  • tá 63% faoi bhun 45 bliain d’aois
  • is í 36 an mheánaois
  • tá 1,260 cás i mBaile Átha Cliath, 652 i Luimneach, 350 i gCorcaigh, 321 i Lú, 238 sa Mhí agus 2,141 scaipthe ar fud gach contae eile

Ó bhí 2pm inniu ann, tá 685 othar COVID-19 san ospidéal as a bhfuil 62 san aond dianchúraim. Tógadh 96 duine breise isteach san ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte:

"Is am fíorthábhachtach é seo. Tá borradh an-suntasach ag tarlú sna rátaí ionfhabhtaithe. Mar thoradh air sin, tá meadú tagtha go han-tapa ar líon na daoine atá á gcur isteach san ospidéal agus sna haonaid dhianchúraim. Níl féidir leis an gcóras sláinte leanúinte leis seo agus ina theannta sin, is údar buartha é an leibéal breoiteachta agus fulaingthe inchoiscthe seo agus ní mór dúinn obriú le chéile chun dul i ngleic leis a luaithe is féidir.

"Tá méadú faoi dhó tagtha ar líon na ndaoine le COVID-19 ón lá seo an tseachtain seo caite agus is amhlaidh do líon na ndaoine sna haonaid dhianchúraim. Cuimhnigh go bhfuil duine cosúil leatsa taobh thiar de gach staitistic ospidéil agus de gach figiúr ón aonad dianchúraim, agus tá teaghlach ann a bhfuil grá aige do na daoine sin, mar aon le foireann oibrithe sláinte atá tiomanta a ndícheall a dhéanamh ar a son. Ní mór bheith chomh tiomanta is a bhíomar san earrach agus an chomhairle slainte poiblí a leanúint.

"Gníomaigh amhail is dá mbeifeá tógálach. Fan sa bhaile. Oibrigh ón mbaile ag tosú ó amárach, agus más fostóir thú, iarr ar d’fhostaithe fanacht sa bhaile. Beidh tionchar díreach ag an méid a dhéanaimid go léir inniu ar leibhéal an ionfhabhtaithe agus ar líon na ndaoine san ospidéal sna seachtainí atá romhainn.

"Na gníomhartha sábháilte a dhéanann tú inniu, cosnóidh siad ár n-ospidéil agus iad siúd atá iontu a oibríonn chomh dian sin. Go simplí: nuair a fhanann tú sa bhaile, tá tú ag cosaint na hoibrithe sláinte ar an líne thosaigh atá ag obair gan sos gan scíth chun muid go léir a choimeád sábháilte tríd an bpaindéim seo. Seas go diongbháilte leo agus cuimhnigh orthu."

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar Clár Eolais COVID-19 maidir le príomhtháscairí COVID-19 i measc an phobail.

CRÍOCH