English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 13 Nollaig 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 13 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 1 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tá 2,124 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 12 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 429 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 76,185 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir 198 díobh agus mná 230 díobh
  • tá 66% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 34 bliain an mheánaois
  • tá 122 cás i mBaile Átha Cliath, 46 i nDún na nGall, 30 i Luimneach, 22 i Laois, 20 i gCorcaigh agus tá an fuílleach 189 cás leata i measc na gcontaetha eile go léir

Amhail 2pm inniu, tá 193 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 31 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 13 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

"Táim buartha inniu go bhfuil leitheadúlacht COVID-19 ag fairsingiú arís. Líon mór cásanna é 429 i gcomparáid leis an tréimhse roinnt seachtainí anuas agus tá méadú tagtha anois ar an meán gluaisteach go dtí breis agus 300 cás sa lá.

"Rinne na hiarrachtaí a rinneamar le linn Leibhéal 5 le roinnt seachtainí anuas ráta na dteagmhas 14 lá a ísliú anuas go dtí 78 in aghaidh gach 100,000 duine den daonra, agus bhí an leitheadúlacht ghalair ab ísle san Eoraip in Éirinn agus rinne seo go leor daoine a chosaint agus saol go leor daoine a thabhairt slán, ar deireadh thiar.

"Tugann figiúirí an lae inniu le fios gur gá dúinn go léir ár dteagmhálaithe sóisialta a laghdú anois, ár n-idirghníomhú leo siúd lasmuigh dár dteaghlaigh a theorannú, na rioscaí a chur san áireamh a chruthóidh pé sóisialú a bheartaímid a dhéanamh sa dá sheachtain amach romhainn, chun gur féidir linn go léir sult a bhaint as Nollaig a bheidh chomh sábháilte agus is féidir."

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH

Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 12 Nollaig 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 12NOL2020) Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí an 12NOL2020) **Cásanna Nua le 14 lá anuas

(go dtí an 12NOL2020)**|

Éire 429 84.3 4,012
Dún na nGall 46 219.9 350
Cill Chainnigh 18 198.5 197
16 174.6 225
Ceatharlach 8 159.8 91
An Longfort 11 144.3 59
Muineachán <5 136.8 84
Luimneach 30 133.9 261
An Cabhán 10 109 83
Maigh Eo 11 107.3 140
Cill Mhantáin 11 103.9 148
Laois 22 94.5 80
Baile Átha Cliath 122 94.3 1,270
Tiobraid Árann 15 81.5 130
Port Láirge <5 72.3 84
Uíbh Fhailí 10 68 53
An Mhí 15 60.5 118
Gaillimh 11 60.1 155
Cill Dara 16 56.6 126
Sligeach 8 48.8 32
Ros Comáin <5 44.9 29
Loch Garman 11 36.7 55
An Clár <5 32 38
An Iarmhí <5 27 24
Corcaigh 20 26.2 142
Liatroim <5 25 8
Ciarraí <5 20.3 30