Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 2 Bealtaine 2021
- Foilsithe: 2 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 1 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 4,906* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 4,906 bás.)
Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 1 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 402 cás deimhnithe de COVID-19.
Tá 249,838** cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 chás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 249,838 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir 220 díobh agus mná 182 díobh
- tá 79% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 31.5 bliain an mheánaois
Amhail 8am inniu, tá 127 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 41 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 6 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 30 Aibreán 2021, tugadh 1,572,779 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
- tá a gcéad dáileog faighte ag 1,130,958 duine
- tá a dara dáileog faighte ag 441,821 duine
- Meán gluaisteach 5 lá 472 cás.