English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 24 Eanáir 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Eanáir 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 23 bás breise a bhaineann le COVID-19.

Tharla gach ceann de na 23 bás seo in Eanáir.

Is é 84 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus is é an raon aoise idir 61 agus 99 bliain.

Tá 2,970 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 23 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 1,378 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 187,554* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 8 gcás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 187,554 cás deimhnithe.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir 643 díobh agus mná 730 díobh
  • tá 58% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 39 bliain an mheánaois
  • tá 379 cás i mBaile Átha Cliath, 145 i gCorcaigh, 86 i Loch Garman, 85 i nGaillimh, 71 i Luimneach agus tá an fuílleach 612 cás leata i measc na gcontaetha eile go léir**

Amhail 2pm inniu, tá 1,931 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 218 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 44 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis:

"Cé go bhfuil dul chun cinn á dhéanamh againn de réir a chéile chun leibhéal an víris sa phobal a laghdú, tá sé thar a bheith tábhachtach go gcloímid go léir go daingean leis an gcomhairle sláinte poiblí i láthair na huaire. Níor cheart dúinn éirí réchúiseach in aghaidh an ghalair seo atá an-tógálach agus in aghaidh an bhaoil a chruthaíonn sé dúinn féin agus dóibh siúd is mó atá leochaileach ó thaobh cúrsaí leighis go dtiocfaidh an galar orthu.

"Tá an galar scaipthe go fairsing sa tír agus leanann an borradh atá tagtha le déanaí ar chásanna le brú gan choinne a chur ar aonaid dianchúraim, ospidéil agus seirbhísí cúraim sláinte túslíne eile. Is é réiteach na faidhbe ná an méid daoine a ndéanaimid teagmháil shóisialta leo agus tionóil shóisialta a laghdú i ngach suíomh, in ionaid oibre san áireamh.

"Ba cheart do dhuine ar bith ar féidir leis nó léi oibriú as baile, é sin a dhéanamh. I gcás daoine nach féidir leo oibriú as baile, tá sé bunriachtanach cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí san ionad oibre, ar nós clúdaigh aghaidhe a chaitheamh nuair a shiúltar timpeall limistéir chomhchoiteanna. Spreagaimid na fostóirí go léir oibriú as baile a éascú a mhéid agus is féidir agus lena chinntiú go gcloítear go dian le bearta sláinte poiblí san ionad oibre."

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

CRÍOCH