English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 28 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 28 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 29 Márta 2021

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 13 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.

As na básanna a tugadh le fios inniu, tharla 12 i Márta.*

Ba é 77 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás. Ba é an raon aoise 51-93 bliain.

Tá 4,666 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 27 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 604 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 234,541 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • Fir 299 díobh / mná 298 díobh
  • Tá 77% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Is é 27 bliain an mheánaois
  • Tá 224 cás i mBaile Átha Cliath, 45 i nDún na nGall, 36 i gCill Dara, 34 i Luimneach, 26 i dTiobraid

Árann agus tá an fuílleach 239 cás leata i measc 20 contae eile.**

Amhail 8am inniu, tá 322 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 66 astu siúd san aonad dianchúraim.

Tugadh 18 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 25 Márta, tugadh 760,168 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • Tá a gcéad dáileog faighte ag 548,945 duine.
  • Tá a dara dáileog faighte ag 211,223 duine.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

CRÍOCH

  • Tá imscrúdú á dhéanamh ar dháta an báis maidir le bás amháin.

**Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) náisiúnta agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.

Cásanna an lae inniu, meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 27 Márta 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)

Contae Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 27Már2021)** Meán gluaisteach 5 lá (go dtí meán oíche an 27Már2021) Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (ón 14Már2021 go dtí an 27Már2021) Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 14Már2021 go dtí an 27Már2021)
Éire 604 620 164.5 7,834
Uíbh Fhailí 22 29 443.8 346
Dún na nGall 45 46 283.9 452
Baile Átha Cliath 224 259 246.9 3,327
An Mhí 25 31 227.6 444
Cill Dara 36 42 220.2 490
An Longfort <5 6 190.8 78
Tiobraid Árann 26 20 188 300
An Iarmhí 15 17 185.9 165
Laois 19 15 162.9 138
18 17 158.3 204
Loch Garman 18 17 148.3 222
An Cabhán 15 12 147 112
Ros Comáin 6 6 136.3 88
Port Láirge <5 7 127.4 148
Cill Mhantáin 24 14 120.1 171
Gaillimh 16 18 119.7 309
Ceatharlach <5 1 119.4 68
Luimneach 34 18 100.6 196
Sligeach 0 1 70.2 46
An Clár 12 6 64 76
Liatroim 5 2 62.4 20
Maigh Eo 10 10 59.8 78
Cill Chainnigh <5 4 49.4 49
Muineachán <5 2 45.6 28
Corcaigh 20 18 42.4 230
Ciarraí <5 2 33.2 49

~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.

  • Ráta na dteagmhas 7 lá 83.8 cás
  • Meán gluaisteach 5 lá 620 cás