English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 3 Bealtaine 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 3 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 3 Bealtaine 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 19 duine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.

Tá 1,303 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 11am Dé Domhnaigh, an 3 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 330 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 21,506 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé hAoine, an 1 Bealtaine (21,064 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • mná 58% díobh agus fir 42% díobh
  • is é 49 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • tugadh 2,825 cás (13%) go dtí an t-ospidéal
  • astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 363 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • baineann 6,068 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (10,406 cás, 49% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCill Dara (1,242 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,164 cás, nó 6%)
  • astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 63%, is ionann teagmháil dhlúth agus 34%, is ionann taisteal thar lear agus 3%

CRÍOCH


Nóta don Eagarthóir:

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 2 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,303 bás.