English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh, an 7 Meitheamh 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 7 Meitheamh 2020
  • An t-eolas is déanaí: 9 Meitheamh 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 1 dhuine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.

Tá 1,679 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Dé Sathairn, an 6 Meitheamh, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 25 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 25,201* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé hAoine, an 5 Meitheamh (25,176 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • Mná 57% díobh agus fir 43% díobh.
  • Is é 48 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • Tugadh 3,321 cás (13%) go dtí an t-ospidéal
  • Astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 409 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • Baineann 8,057 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • Tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (12,139 cás, 48% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,529 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCill Dara (1,428 cás, nó 6%)
  • Astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 39%, is ionann teagmháil dhlúth agus 59%, is ionann taisteal thar lear agus 2%

CRÍOCH

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 7 mbás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 25,201 cás deimhnithe.