Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé Domhnaigh an 8 Lúil 2021
- Foilsithe: 8 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Amhail inniú, cuireadh 534 cás nua deimhnithe de COVID-19 in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte.
Amhail 8am inniu, tá 58 othar COVID-19 san ospidéal, a bhfuil 17 acu in ICU
Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá COVID-19 fós ag scaipeadh inár bpobal agus de réir mar a thagann an deireadh seachtaine, tá sé thar a bheith tábhachtach go leanfaimid orainn ag cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí chun stop a chur le scaipeadh an ghalair.
“Mura bhfuil tú vacsaínithe go hiomlán fós agus má tá sé ar intinn agat sóisialú, déan é sin go sábháilte agus buail amuigh faoin aer. Seachain sluaite le do thoil, caith masc nuair is cuí, nigh do lámha, bainistigh do theagmhálacha agus coinnigh d’achar sóisialta.
“Má fhorbraíonn tú comharthaí COVID-19 thar an deireadh seachtaine, déan cinnte tástáil a shocrú a luaithe is féidir agus ná cuir ar ceal í go dtí Dé Luain chun teagmháil a dhéanamh le do dhochtúir teaghlaigh nó freastal ar ionad tástála."