English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine 21 Lúnasa 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 21 Lúnasa 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Níor cuireadh aon bhásanna nua in iúl don Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) inniu.

Tá 1,776 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Déardaoin, an 20 Lúnasa, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 79 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 27,755 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;

  • Fir iad 39 díobh / mná iad 40 díobh
  • Tá 73% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • Deimhníodh go mbaineann 30 cás le briseadh amach nó le teagmháil dhlúth le cás deimhnithe
  • Sainaithníodh 21 cás mar chásanna a tarchuireadh sa phobal
  • Tá 43 cás i mBaile Átha Cliath, 9 i gCill Dara, 6 i gCorcaigh, 6 i dTiobraid Árann agus tá an fuílleach 15 chás sa Chlár, Dún na nGall, Laois, Luimneach, Lú, Maigh Eo, Ros Comáin, Loch Garman agus Cill Mhantáin.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Príomhoifigeach Leighis Gníomhach, an Roinn Sláinte:

“Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le muintir Chill Dara, Laoise agus Uíbh Fhailí, léirigh sibh dlúthpháirtíocht agus freagracht dhochreidte shóisialta trí chloí leis an gcomhairle sláinte poiblí bhreise a cuireadh ar bhur réigiún. Tá saol daoine tugtha slán ag bhur ngníomhartha. Mar gheall ar an gcás eipidéimeolaíochta i gCill Dara, caithfimid cur leis na bearta sláinte poiblí ar feadh coicís bhreise. Cé go bhfuil údar dóchais éigin ann, tá rátaí na dteagmhas thar thréimhse 7 agus 14 lá i gCill Dara an-ard go fóill. Tugann fianaise le tuiscint go bhfuil ag éirí leis na bearta, ach teastaíonn níos mó ama chun an méid cásanna i gCill Dara a laghdú.

“Ní foláir dúinn, mar náisiún, dlúthpháirtíocht le Cill Dara a léiriú inár gcomhiarrachtaí, go háirithe sa choicís amach romhainn, trí oibriú le chéile chun an víreas a chur faoi chois. Is féidir linn a chéile a chosaint trí chloí leis an gcomhairle sláinte poiblí. Iarraim ar gach teaghlach ar fud na hÉireann chun a bpáirt a ghlacadh, an teagmháil shóisialta a dhéanann sibh a laghdú, bhur lámha a ní, fad 2 mhéadar a choimeád amach óna chéile agus clúdach aghaidhe a chaitheamh i siopaí agus ar iompar poiblí. Baineann ríthábhacht leis na gníomhartha seo chun ár dteaghlaigh agus iad siúd is leochailí don ghalar a chosaint.”

CRÍOCH