Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 1 Bealtaine 2020
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 1 Bealtaine 2020
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 34 duine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.
Tá 1,265* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail 11am Dé hAoine, an 1 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 221 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 20,833 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.
Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Céadaoin, an 29 Aibreán (20,510 cás), an méid seo a leanas le fios:
- mná 58% díobh agus fir 42% díobh
- is é 49 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
- tugadh 2,768 cás (13%) go dtí an t-ospidéal
- astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 367 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
- baineann 5,840 cás le hoibrithe cúram sláinte
- tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (10,170 cás, 50% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCill Dara (1,215 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,154 cás, nó 6%)
- astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 63%, is ionann teagmháil dhlúth agus 33%, is ionann taisteal thar lear agus 3%
CRÍOCH
Nótaí don eagarthóir:
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,265 bás.