English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 12 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 12 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 16 Márta 2021

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 10 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.

Tharla 4 de na básanna seo i Márta, 1 bhás i bhFeabhra agus 1 bhás in Eanáir agus tá 4 bhás á bhfiosrú.

Is é 67 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise idir 41 agus 83 bliain.

Tá 4,518* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 4,518 cás deimhnithe.)

Amhail meán oíche Déardaoin, an 11 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 646 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 225,820* * cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

(* *Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 5 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 225,820 cás deimhnithe.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir 311 díobh agus mná 332 díobh
  • tá 74% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 30 bliain an mheánaois
  • tá 243 cás i mBaile Átha Cliath, 80 i gCill Dara, 45 sa Mhí, 35 i nGaillimh, 34 in Uíbh Fhailí agus tá an fuílleach 209 cás leata i measc 20 contae eile

Amhail 8am inniu, tá 344 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 87 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 16 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 9 Márta, tugadh 553,161 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • tá a gcéad dáileog faighte ag 396,089 duine
  • tá a dara dáileog faighte ag 157,072 duine

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

  • ráta na dteagmhas 7 lá 77.2 cás
  • meán gluaisteach 5 lá 523 cás