Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 13 Samhain 2020
- Foilsithe: 13 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 7 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19. As na básanna a tugadh le fios inniu, tharla gach ceann díobh i Samhain.
Tá 1,972 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 12 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 482 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 67,099* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 15 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 67,099 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir iad 238 díobh agus mná iad 244 díobh
- tá 61% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 35 bliain an mheánaois
- tá 128 cás i mBaile Átha Cliath, 45 i gCorcaigh, 43 i bPort Láirge, 24 i nDún na nGall, 24 sa Mhí, 36 i Luimneach agus tá an fuílleach 182 cás leata i measc 20 contae eile
Amhail 2pm inniu, tá 258 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 35 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 12 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Meabhrúchán tábhachtach é an méadú a tháinig ar líonta na gcás de COVID-19 inniu maidir le cineál dothuartha an ghalair an-tógálaigh seo. Tá an obair dhian a rinneamar go léir le trí seachtaine anuas le moladh, ach níor cheart dúinn éirí réchúiseach maidir le scaipeadh an ghalair seo díreach mar gheall gur éirigh go geal linn go dtí seo.
"Tá orainn an cloí go daingean leis an gcomhairle sláinte poiblí: fad 2 mhéadar a choimeád amach ó dhaoine eile, ár lámha a ní, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh nuair is cuí agus gan teagmháil a dhéanamh ach le teagmhálaithe bunriachtanacha ónár dteaghlach féin. Más féidir linn leanúint le hardleibhéil chomhlíonta a bhaint amach, is féidir linn an pointe sinn a bhaint amach an 1 Nollaig a bhfuilimid dírithe air."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH