Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 2 Aibreán 2021
- Foilsithe: 2 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 8 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tharla 4 de na básanna seo i Márta agus 4 bhás i bhFeabhra.
Ba é 74 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise idir 51 agus 94 bliain.
Tá 4,713 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 1 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 591 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 237,187* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- Fir 292 díobh / mná 295 díobh
- Tá 72% díobh faoi 45 bliain d’aois
- Is é 31 bliain an mheánaois
- Tá 288 cás i mBaile Átha Cliath, 40 i gCill Dara, 30 sa Mhí, 28 san Iarmhí, 27 i Laois agus tá an fuílleach 178 cás leata i measc 19 gcontae eile**.
Amhail 8am inniu, tá 264 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 62 astu siúd san aonad dianchúraim.
Tugadh 18 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 30 Márta, tugadh 840,561 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
- Tá a gcéad dáileog faighte ag 603,802 duine.
- Tá a dara dáileog faighte ag 236,759 duine.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
- Ráta na dteagmhas 7 lá 81.6 cás
- Meán gluaisteach 5 lá 533 cás
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 4 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 237,187 cás deimhnithe.
***Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe náisiúnta Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
Cásanna an lae inniu, meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 01 Aibreán 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 01Aib2021) | Meán gluaisteach 5 lá (go dtí meán oíche an 01Aib2021) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (ón 19Már2021 go dtí an 01Aib2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 19Már2021 go dtí an 01Aib2021) |
Éire | 591 | 533 | 166.6 | 7,935 |
Uíbh Fhailí | 24 | 25 | 510.5 | 398 |
Dún na nGall | 25 | 20 | 286.4 | 456 |
An Iarmhí | 28 | 21 | 258.0 | 229 |
Baile Átha Cliath | 288 | 235 | 252.3 | 3,400 |
An Mhí | 30 | 31 | 228.2 | 445 |
Cill Dara | 40 | 36 | 223.4 | 497 |
Laois | 27 | 17 | 222.0 | 188 |
An Longfort | <5 | 4 | 178.6 | 73 |
An Cabhán | 9 | 11 | 168.0 | 128 |
Lú | 5 | 13 | 161.4 | 208 |
Tiobraid Árann | 11 | 12 | 158.6 | 253 |
Loch Garman | <5 | 12 | 142.3 | 213 |
Cill Mhantáin | 20 | 8 | 108.8 | 155 |
Ros Comáin | 0 | 2 | 108.5 | 70 |
Luimneach | 6 | 13 | 102.1 | 199 |
Gaillimh | 21 | 17 | 100.8 | 260 |
Port Láirge | <5 | 5 | 99.8 | 116 |
Maigh Eo | <5 | 9 | 85.8 | 112 |
Ceatharlach | <5 | 3 | 68.5 | 39 |
Muineachán | 6 | 6 | 65.2 | 40 |
Liatroim | 0 | 1 | 62.4 | 20 |
An Clár | <5 | 4 | 55.5 | 66 |
Corcaigh | 19 | 22 | 49.4 | 268 |
Cill Chainnigh | <5 | 1 | 40.3 | 40 |
Sligeach | <5 | 1 | 36.6 | 24 |
Ciarraí | 9 | 4 | 25.7 | 38 |
~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.