English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 24 Aibreán 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 24 Aibreán 2020
  • An t-eolas is déanaí: 24 Aibreán 2020

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 37 duine in Éirinn ar deimhníodh i saotharlann go raibh COVID-19 orthu.

Cuireadh an IFCS ar an eolas freisin gur dóchúil go bhfuair 185 duine bás go dtí seo*.

Ar an ábhar sin, deimhníodh go bhfuil 1,014* duine tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 1pm Dé hAoine, an 24 Aibreán, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 577 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 18,184 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh go ndearna na hothair a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Céadaoin, an 22 Aibreán (17,420 cás), an méid seo a leanas le fios:

  • Mná 57% díobh agus fir 43% díobh.
  • Is é 49 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe
  • Tugadh 2,486 cás (14%) go dtí an t-ospidéal
  • Astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 338 cás go dtí an tAonad Dianchúraim
  • Baineann 4,713 cás le hoibrithe cúram sláinte
  • Tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (8,729 cás, 50% de na cásanna go léir) agus tá an dara méid is airde i gCorcaigh (1,096 cás, nó 6%)
  • Astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 49%, is ionann teagmháil dhlúth agus 47%, is ionann taisteal thar lear agus 4%

Chas an Fhoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta ar a chéile inniu (Dé hAoine, an 24 Aibreán) chun leanúint lena n-athbhreithniú leanúnach ar fhreagairt na hÉireann do COVID-19.

I ndiaidh an chruinnithe, molann an FÉSPN chun glacadh le sainmhíniú cáis ar thástáil do COVID-19 an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú. Moltar san FÉSPN freisin chun na catagóirí reatha um beartú tosaíochta a choimeád.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:

“Tugann gach táscaire go dtí seo le fios go bhfuil cobhsú tagtha ar fhás an ghalair seo nó go bhfuil sé curtha faoi chois. Léiríonn seo na hiarrachtaí a rinne gach duine aonair ar fud na hÉireann le roinnt seachtainí anuas. Ní haon amhras ach gur thug na hiarrachtaí a rinne sibh saol go leor daoine slán.

“Taispeánann sé gur féidir linn an víreas seo a chur faoi chois san fhadtéarma nuair a chloímid leis an gcomhairle sláinte poiblí. Leanaimis orainn.”

CRÍOCH

Nótaí don eagarthóir:

  • Is ionann bás dóchúil agus bás nach ndearnadh tástáil saotharlainne air ach go gcreideann an dochtúir go mbaineann an bás le COVID-19.

**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 2 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 1,014 bás.