English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 26 Feabhra 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Feabhra 2021
  • An t-eolas is déanaí: 1 Márta 2021

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 29 bás breise a bhaineann le COVID-19.

Tharla 17 de na básanna seo i bhFeabhra agus tharla 12 bhás in Eanáir.

Is é 77 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise idir 29 agus 95 bliain.

Tá 4,300 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Déardaoin, an 25 Nollaig, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 776 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 218,251* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 3 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 218,251 cás.)

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir 394 díobh agus mná 379 díobh
  • tá 67% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 34 bliain an mheánaois
  • tá 278 cás i mBaile Átha Cliath, 69 i nGaillimh, 57 sa Mhí, 52 i gCill Dara, 48 i nDún na nGall agus tá an fuílleach 272 cás leata i measc na gcontaetha eile go léir

Amhail 8am inniu, tá 574 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 136 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 24 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 23 Feabhra, tugadh 373,280 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • tá a gcéad dáileog faighte ag 238,841 duine
  • tá a dara dáileog faighte ag 134,439 duine

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

  • is é ráta na dteagmhas 7 lá 102.6 cás
  • is é an meán gluaisteach 5 lá 644 cás