English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 26 Márta 2021

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 26 Márta 2021
  • An t-eolas is déanaí: 26 Márta 2021

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 20 bás breise a bhaineann le COVID-19.

Tharla 11 de na básanna seo i Márta, 3 bhás i bhFeabhra agus 6 bhás in Eanáir.

Ba é 73 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, faoi seach. Ba é an raon aoise 57-91 bliain.

Tá 4,651 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail meán oíche Déardaoin, an 25 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 584 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 233,327 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.*

As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:

  • fir 297 díobh / mná 286 díobh
  • tá 72% díobh faoi 45 bliain d’aois
  • is é 34 bliain an mheánaois
  • tá 222 cás i mBaile Átha Cliath, 44 i gCill Dara, 33 in Uíbh Fhailí, 31 sa Mhí, 29 san Iarmhí agus tá an fuílleach 225 cás leata i measc 19 gcontae eile**.

Amhail 8am inniu, tá 317 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 67 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 25 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.

Amhail an 23 Márta, tugadh 709,348 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:

  • tá a gcéad dáileog faighte ag 515,800 duine.
  • tá a dara dáileog faighte ag 193,548 duine.

Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.

  • Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 15 chás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 233,327 cás deimhnithe.

**Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) náisiúnta agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.


Cásanna an lae inniu

Contae Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 25Már2021) Meán gluaisteach 5 lá (go dtí meán oíche an 25Már2021) Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra Cásanna Nua le 14 lá anuas
Éire 584 552 158.1 7530
Uíbh Fhailí 33 30 451.5 352
Dún na nGall 26 37 262.6 418
Baile Átha Cliath 222 234 236.9 3192
Cill Dara 44 35 227 505
An Mhí 31 31 217.4 424
An Longfort 7 4 185.9 76
An Iarmhí 29 14 174.6 155
Tiobraid Árann 15 20 173 276
Ros Comáin 10 5 154.9 100
19 19 152.1 196
Loch Garman 21 14 146.3 219
Port Láirge 13 8 137.7 160
Gaillimh 24 20 130.6 337
Laois 15 11 129.9 110
Ceatharlach <5 3 123 70
An Cabhán 10 7 112.9 86
Luimneach 23 14 86.7 169
Cill Mhantáin <5 7 80 114
Sligeach <5 2 79.3 52
Maigh Eo 10 7 58.2 76
An Clár 5 4 58.1 69
Liatroim 0 2 49.9 16
Cill Chainnigh 5 4 46.4 46
Corcaigh 16 6 42.2 229
Ciarraí 0 2 39.9 59
Muineachán <5 1 39.1 24

~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.

• Ráta na dteagmhas 7 lá 85 cás

• Meán gluaisteach 5 lá 552 cás