Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 27 Lúnasa 2021
- Foilsithe: 27 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 1,8751* cás deimhnithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 326 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 59 astu siúd san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Is ionann leitheadúlacht ceithre lá dhéag na hÉireann faoi láthair agus 531 cás in aghaidh gach 100,000 duine den daonra. Ciallaíonn seo go ndéantar Éire a chatagóiriú anois mar sa chatagóir dhúdhearg, de réir catagóiriú an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (an LEGCR) mar gheall go bhfuil níos mó ná 500 cás in aghaidh gach 100,000 duine den daonra ann. Léiríonn seo go bhfuil ardleibhéal víris á tharchur in Éirinn faoi láthair. Mar gheall go bhfuil an oiread sin galair á scaipeadh sa phobal, is í fírinne an scéil go bhfuil baol níos airde ann go dtiocfaidh COVID-19 ort agus go bhféadfá éirí go han-bhreoite mura bhfuil tú vacsaínithe nó mura bhfuil tú vacsaínithe go hiomlán.
"Tá ionaid vacsaínithe siúil isteach COVID-19 á n-oibriú ag FSS inniu agus i rith an deireadh seachtaine seo fud fad na tíre do dhuine ar bith atá 12 bhliain d’aois agus níos sine. Fíorchomhartha dóchais é an deis mhéadaithe seo agus spreagaim duine ar bith go tréan nár fhreastail go fóill ar a gcéad dáileog de vacsaín COVID-19 chun freastal ar cheann de na hionaid vacsaínithe seo an deireadh seachtaine seo. Cinntigh, le do thoil, chun glacadh le do dara dáileog de vacsaín a luaithe agus a chuirtear ar tairiscint duit é. Tá na vacsaíní seo an-sábháilte agus an-éifeachtach i dtaobh cosaint in aghaidh na n-éifeachtaí is measa de chuid COVID-19.
"De réir mar a dhruideann an deireadh seachtaine linn, is tábhachtach measúnú riosca a dhéanamh ar do phleananna, go háirithe mura bhfuil tú vacsaínithe go hiomlán go fóill. Déan iarracht casadh ar a chéile i ngrúpaí beaga, casadh le daoine taobh amuigh agus sluaite a sheachaint, más féidir. Más gá duit casadh le daoine taobh istigh, cinntigh, le do thoil, go bhfuil an seomra aeraithe go maith. Lean ort le masc a chaitheamh, sa chás gur cuí, nigh do lámha, coimeád fad sóisialta amach ó dhaoine eile, déan bainistiú ar do theagmhálaithe agus seachain sluaite.
"Má tá tú i dtimpeallacht a bhraitheann baolach, bíodh sé de chumas agat fágáil. Cuimhnigh, má bhíonn comharthaí ar bith ort cosúil le slaghdán nó fliú, déan féinaonrú - ná cas le daoine eile agus ná freastail ar aon imeachtaí - agus socraigh tástáil PCR trí FSS a luaithe agus is féidir."