Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 27 Samhain 2020
- Foilsithe: 27 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 7 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 2,043 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 26 Samhain, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 206 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 71,699* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu;
- Fir 101 díobh / mná 105 díobh
- Tá 67% díobh faoi 45 bliain d’aois
- Is é 34 bliain an mheánaois
- Tá 64 cás i mBaile Átha Cliath, 23 i Luimneach, 20 i nDún na nGall, 18 i gCorcaigh, 14 i Lú, 14 sa Mhí agus tá an fuílleach 53 cás leata i measc 18 gcontae eile.
Amhail 2pm inniu, tá 248 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 35 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 10 nduine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh bás amháin a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 71,699 cás deimhnithe.
Cásanna an lae inniu, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 26 Samhain 2020) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 26SAM2020) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (ón 13SAM2020 go dtí an 26SAM2020) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 13SAM2020 go dtí an 26SAM2020) |
Éire | 206 | 98.2 | 4,677 |
Dún na nGall | 20 | 216.1 | 344 |
Lú | 14 | 199.4 | 257 |
Luimneach | 23 | 181.6 | 354 |
Cill Chainnigh | <5 | 126 | 125 |
Port Láirge | 6 | 117.9 | 137 |
Ros Comáin | <5 | 117.7 | 76 |
Baile Átha Cliath | 64 | 110.6 | 1,490 |
An Mhí | 14 | 100.5 | 196 |
An Longfort | <5 | 95.4 | 39 |
Tiobraid Árann | 7 | 92.8 | 148 |
Muineachán | <5 | 84.7 | 52 |
Maigh Eo | <5 | 83.5 | 109 |
Uíbh Fhailí | <5 | 79.5 | 62 |
An Iarmhí | <5 | 77.7 | 69 |
Corcaigh | 18 | 77.4 | 420 |
Cill Mhantáin | 5 | 76.5 | 109 |
Ceatharlach | <5 | 72 | 41 |
An Cabhán | 0 | 70.9 | 54 |
An Clár | <5 | 70.7 | 84 |
Cill Dara | <5 | 70.6 | 157 |
Sligeach | <5 | 59.5 | 39 |
Laois | <5 | 57.9 | 49 |
Gaillimh | 5 | 51.2 | 132 |
Ciarraí | 5 | 50.8 | 75 |
Loch Garman | 0 | 32.7 | 49 |
Liatroim | <5 | 31.2 | 10 |