English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 29 Bealtaine 2020

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 29 Bealtaine 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte (an IFCS) ar an eolas inniu go bhfuil bás faighte ag 6 dhuine, ar an iomlán, mar gheall ar COVID-19.

Tá 1,645 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.

Amhail 11am Déardaoin, an 28 Bealtaine, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 39 cás nua deimhnithe de COVID-19. Tá 24,876 cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.

Tá FSS ag oibriú chun aon teagmhálacha a d’fhéadfadh na hothair a dhéanamh a shainaithint chun eolas agus comhairle a sholáthar dóibh chun cosc a chur ar an víreas a scaipeadh níos mó.

Tugann sonraí an lae inniu ón IFCS amhail meán oíche, Dé Máirt, an 27 Bealtaine (24,837 cás), an méid seo a leanas le fios:

•Mná 57% díobh agus fir 43% díobh.

•Is é 48 bliain meánaois na gcásanna deimhnithe

•Tugadh 3,270 cás (13%) go dtí an t-ospidéal

•Astu siúd a tugadh chuig an ospidéal, tugadh 404 cás go dtí an tAonad Dianchúraim

•Baineann 7,943 cás le hoibrithe cúram sláinte

•Tá an méid is airde cásanna i mBaile Átha Cliath (12,023 cás, 48% de na cásanna go léir), tá an dara méid is airde cásanna i gCill Dara (1,464 cás, nó 6%) agus tá an tríú méid is airde cásanna i gCorcaigh (1,416 cás, nó 6%)

•Astu siúd arb eol a stádas tarchuir: is ionann tarchur pobail agus 40%, is ionann teagmháil dhlúth agus 58%, is ionann taisteal thar lear agus 2%

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte; “De réir mar a dhruideann seachtain dheireanach Chéim 1 linn, is spreagadh dúinn a thabhairt faoi deara go bhfuil an méid daoine atá á thabhairt chuig an ospidéal ag laghdú, go leanann an méid cásanna nua de bheith cobhsaí agus go bhfuil ráta bisigh 90% ann sa phobal.

“Nuair a thabharfaimid aghaidh ar an tseachtain seo chugainn, spreagfainn gach duine chun súil a chaitheamh siar ar an dul chun cinn atá déanta againn le roinnt seachtainí anuas agus leanúint ar aghaidh leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn chun COVID-19 a chur faoi chois amach anseo.”

Dúirt an Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte; “Spreagaimid gach duine chun taitneamh a bhaint as an aimsir the laistigh de na treoirlínte a mholtar i rith an deireadh seachtaine saoire bhainc.

“De réir comhairle sláinte poiblí, ceadaítear do ghrúpaí a mhéid le ceathrar daoine nach daoine muinteartha iad casadh ar a chéile lasmuigh ach fad fisiciúil 2 mhéadar a choimeád amach uathu agus casadh leo laistigh de 5 chiliméadar ó do theach.”

Dúirt an Dr Siobhán Ní Bhriain, Síciatraí Comhairleach agus Ceannasaí Cúraim Chomhtháite FSS; “De réir mar a fhágaimid ár dtithe, is féidir le scaradh sóisialta fíordhúshláin a chruthú do gach duine, go háirithe iad siúd inár ngrúpaí leochaileacha a bhféadfadh taitneamh a bheith á bhaint acu as a bheith amuigh faoin aer den chéad uair le roinnt seachtainí anuas. Cosain a chéile trí fhad 2 mhéadar a choimeád amach óna chéile.”

CRÍOCH