Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 29 Deireadh Fómhair
- Foilsithe: 29 Deireadh Fómhair 2021
- An t-eolas is déanaí: 2 Samhain 2021
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 2,549* cás deimhnithe de COVID-19.
Amhail 8am inniu, tá 481 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 97 astu siúd san aonad dianchúraim.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Tá ardlíon cásanna ar fud an daonra iomláin á dtabhairt le fios againn inniu, agus tá an leitheadúlacht is airde i measc daoine idir 5 agus 12 bliain d’aois. Cé go dtugann vacsaíní COVID-19 ardchosaint in aghaidh breoiteacht throm, daoine a thabhairt chuig an ospidéal agus báis, is é an bealach ina gcuirtear stop le tarchur trí chloí le gach gné den chomhairle sláinte poiblí.
“Is féidir leat taitneamh a bhaint as na gníomhaíochtaí Oíche Shamhna is fearr leat an deireadh seachtaine seo trí dhul i mbun roinnt réamhchúraim shimplí:
“Má bheidh cuairt á tabhairt ag daoine ort, cuir díghalrán lámh ar fáil agus déan iarracht a chinntiú gur féidir le daoine coimeád amach óna chéile agus a bhfad óna chéile a choimeád – seachain cóisirí plódaithe.
“I gcás páistí bob nó bia, tabhair rudaí deasa dóibh lasmuigh, más féidir. Déan do lámha a ní nó dhíghalrú go minic, agus roimh ithe nó rudaí deasa a láimhseáil.
“Níor cheart do leanaí ná do dhaoine fásta cuairt a thabhairt ar thithe le bob nó bia a iarraidh ná casadh le daoine eile má bhíonn aon chomharthaí COVID-19 orthu, fiú más mionchomharthaí iad – ina ionad sin, déan aonrú agus faigh tástáil.”
CRÍOCH