Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 29 Eanáir 2021
- Foilsithe: 29 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 30 Eanáir 2021
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 48 bás breise a bhaineann le COVID-19.
Tharla gach ceann de na 45 bás in Eanáir.
Is é 82 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus is é an raon aoise idir 30 agus 99 bliain.
Tá 3,214* duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 28 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 1,254 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 193,892** cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir 587 díobh / mná 658 díobh
- tá 54% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 42 bliain an mheánaois
- tá 437 cás i mBaile Átha Cliath, 146 i gCorcaigh, 76 sa Mhí, 69 i Loch Garman, 62 i gCill Dara agus tá an fuílleach 464 cás leata i measc na gcontaetha eile go léir***
Amhail 2pm inniu, tá 1,518 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 211 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 51 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH//
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 1 bhás a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 3,214 bás.
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 7 gcás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 193,892 cás deimhnithe.
**Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) náisiúnta agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
Cásanna an lae inniu
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 28/01/2021) | Meán gluaisteach 5 lá | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra | Cásanna Nua le 14 lá anuas | |
Éire | 1,254 | 1,269 | 574.7 | 27,368 | |
Muineachán | 41 | 45 | 1223.4 | 751 | |
Lú | 29 | 57 | 889.9 | 1,147 | |
Port Láirge | 34 | 48 | 788.5 | 916 | |
Ceatharlach | <5 | 22 | 785.1 | 447 | |
Loch Garman | 69 | 50 | 693.3 | 1,038 | |
Baile Átha Cliath | 437 | 421 | 678 | 9,135 | |
Maigh Eo | 13 | 42 | 672 | 877 | |
An Cabhán | 15 | 14 | 605.2 | 461 | |
Uíbh Fhailí | 18 | 23 | 592.6 | 462 | |
An Mhí | 76 | 54 | 587.6 | 1,146 | |
Luimneach | 55 | 49 | 568.5 | 1,108 | |
Dún na nGall | 40 | 41 | 544.6 | 867 | |
Cill Dara | 62 | 49 | 536.6 | 1,194 | |
Corcaigh | 146 | 128 | 518.5 | 2,815 | |
Gaillimh | 45 | 56 | 480.9 | 1,241 | |
Laois | 18 | 17 | 465.2 | 394 | |
Tiobraid Árann | 14 | 29 | 449.4 | 717 | |
An Clár | 15 | 20 | 377.9 | 449 | |
Sligeach | 12 | 10 | 372.3 | 244 | |
An Iarmhí | 27 | 19 | 371.7 | 330 | |
An Longfort | 14 | 11 | 369.4 | 151 | |
Cill Mhantáin | 33 | 27 | 368.6 | 525 | |
Cill Chainnigh | 6 | 13 | 306.4 | 304 | |
Ciarraí | 20 | 17 | 274.9 | 406 | |
Ros Comáin | 8 | 5 | 258.7 | 167 | |
Liatroim | <5 | 3 | 237.2 | 76 |
~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.
- Is é an meán gluaisteach 5 lá 1,269 cás