Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 30 Deireadh Fómhair 2020
- Foilsithe: 30 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 6 bhás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tá 1,908 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 29 Deireadh Fómhair, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 772 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 61,059* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 10 gcás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 61,059 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir iad 362 díobh / mná iad 406 díobh
- tá 64% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 36 bliain an mheánaois
- tá 228 cás i mBaile Átha Cliath, 120 i gCorcaigh, 50 sa Mhí, 41 i nDún na nGall, 41 i nGaillimh agus tá an fuílleach 292 cás leata i measc na gcontaetha eile
Amhail 2pm inniu, tá 325 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 42 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 15 dhuine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 mhí anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Tá feabhas tagtha ar an gcás trí chéile, ach caithfimid a chur san áireamh nach bhfuil sé ach ina thús go fóill. Ní leanfaidh an feabhas ag teacht ach má leanaimid orainn lenár gcuid iarrachtaí a dhéanamh.
"Caithfimid a chuimhneamh go bhfuil forleithne ag dul i méid i measc aoisghrúpaí daoine níos sine, atá an-leochaileach don ghalar seo. Is é an bealach inar féidir linn iad a chosaint ná má leanaimid le tarchur a laghdú i measc an daonra iomláin."
Dúirt an Dr Desmond Hickey, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, Roinn Sláinte:
"Amhail ón lá inniu, tá laghdú tugtha faoi deara in Éirinn ar ráta na dteagmhas 7 lá (36%) nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an tréimhse 7 lá anuas. Tá an dul chun cinn atá á dhéanamh in Éirinn suntasach nuair a chuirtear i gcomparáid é leis an gcás atá ag dul in olcas ar fud na hEorpa. Tá sé ríthábhachtach go seasfaimid an fód agus go leanaimid le forleithne an ghalair a laghdú a mhéid agus is féidir linn sna seachtainí amach romhainn."
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Cathaoirleach Ghrúpa Comhairleach Samhaltaithe Eipidéimeolaíochta an FÉSPN:
"Is ionann an uimhir atáirgthe go náisiúnta agus nach mór 1.0. Seo an chéad uair le roinnt seachtainí anuas gur éirigh linn comharthaí dearfacha a thabhairt le fios maidir leis an ngalar. De réir mar atá tugtha faoi deara againn go dtí seo, áfach, tá sé an-éasca baint den saghas seo de dhul chun cinn. Ba cheart dúinn a thuiscint ó na comharthaí dearfacha seo go bhfuil ag éirí lenár n-iarrachtaí de réir a chéile. Is é an rud is tábhachtaí atá le déanamh anois ná leanúint lenár n-iarrachtaí. Tapóidh an víreas deis scaipthe ar bith; cinntímis sna seachtainí amach romhainn nach dtabharfaimid an deis sin dó, trí na huimhreacha atáirgthe agus méid na gcásanna a choimeád chomh íseal agus is féidir."
Dúirt an Dr Colm Henry, an Príomhoifigeach Cliniciúil, FSS:
"Tá laghdú mór tagtha ar an méid cásanna éigeandála atá tagtha i láthair agus ar tugadh isteach go dtí an t-ospidéal iad le roinnt seachtainí anuas, nuair a chuirtear i gcomparáid iad leis an mbliain seo caite. Tá conairí cúraim i bhfeidhm inár Rannóga Éigeandála chun othair agus an fhoireann a choimeád sábháilte. Má theastaíonn cúram práinneach nó éigeandála uait inár n-ospidéil, is féidir an cúram seo a chur ar fáil go sábháilte."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Dheais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH