Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 5 Feabhra 2021
- Foilsithe: 5 Feabhra 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 35 bás breise a bhaineann le COVID-19.
Tharla 29 de na básanna seo i bhFeabhra, tharla 6 bhás in Eanáir.
Is é 84 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus is é an raon aoise idir 63 agus 96 bliain.
Tá 3,621 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 4 Feabhra, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 1,047 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 201,763* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- Fir 505 díobh / mná 540 díobh
- Tá 58% díobh faoi 45 bliain d’aois
- Is é 38 bliain an mheánaois
- Tá 292 cás i mBaile Átha Cliath, 119 i gCorcaigh, 76 i Loch Garman, 60 i Luimneach, 47 i gCill Dara agus tá an fuílleach 453 cás leata i measc na gcontaetha eile go léir eile. **
Amhail 2pm inniu, tá 1,221 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 181 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 51 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
“Níl aon idirghabháil amháin gan locht i dtaobh cosc a chur ar scaipeadh COVID-19 - teastaíonn go leor gníomhartha éagsúla aonair chun scaipeadh an ghalair a mhoilliú. Sraith eile cosanta idir tú féin agus an víreas atá i ngach gníomh a dhéanann tú - dá mhéid sraitheanna atá agat, is é is mó cosaint atá agat.”
“Tá bearta sláinte poiblí bunaithe ar an bprionsabal seo. Is iad na rudaí a chuireann sraitheanna cosanta in aghaidh COVID-19 ar fáil duit ná fad fisiciúil a choimeád amach ó dhaoine eile, do lámha a ní go rialta, sluaite a sheachaint, clúdaigh aghaidhe a chaitheamh agus vacsaíní.”
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH
- Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 28 cás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 201,763 cás deimhnithe.
**Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) náisiúnta agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
Cásanna an lae inniu, meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 04 Feabhra 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu** (go dtí meán oíche an 04Fea2021) | Meán Gluaisteach 5 Lá na gCásanna Nua | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (go dtí an 04Fea2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (go dtí an 04Fea2021) |
Éire | 1047 | 1062 | 369.0 | 17570 |
Muineachán | 29 | 29 | 778.7 | 478 |
Lú | 42 | 40 | 554.8 | 715 |
Port Láirge | 39 | 37 | 533.7 | 620 |
Ceatharlach | 18 | 20 | 532.2 | 303 |
Loch Garman | 76 | 49 | 490.2 | 734 |
Baile Átha Cliath | 292 | 356 | 445.2 | 5,999 |
Uíbh Fhailí | 20 | 17 | 441.2 | 344 |
Maigh Eo | 39 | 30 | 415.3 | 542 |
An Mhí | 37 | 42 | 379.9 | 741 |
Luimneach | 60 | 43 | 360.2 | 702 |
Gaillimh | 38 | 64 | 351.5 | 907 |
Dún na nGall | 45 | 30 | 345.5 | 550 |
Cill Dara | 47 | 53 | 321.3 | 715 |
An Longfort | 12 | 6 | 305.8 | 125 |
Corcaigh | 119 | 103 | 301.5 | 1,637 |
An Cabhán | 13 | 13 | 298 | 227 |
Sligeach | 10 | 11 | 293 | 192 |
Laois | 15 | 17 | 288.1 | 244 |
An Iarmhí | 21 | 15 | 256.8 | 228 |
Tiobraid Árann | 9 | 18 | 253.2 | 404 |
Cill Mhantáin | 19 | 22 | 246.4 | 351 |
An Clár | 14 | 12 | 199.5 | 237 |
Liatroim | 3 | 4 | 196.6 | 63 |
Cill Chainnigh | 13 | 12 | 178.4 | 177 |
Ciarraí | 7 | 13 | 164.5 | 243 |
Ros Comáin | 10 | 5 | 142.5 | 92 |
~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.
- Is é ráta na dteagmhas 7 lá 167.0 cás
- Is é an meán gluaisteach 5 lá 1,062 cás