Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine, an 5 Márta 2021
- Foilsithe: 5 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas ar 9 mbás bhreise a bhaineann le COVID-19.
Tharla 4 de na básanna seo i Márta, 3 bhás i bhFeabhra agus 1 bhás in Eanáir*.
Is é 82 bliain meánaois na ndaoine siúd a fuair bás, agus ba é an raon aoise 69-94 bliain.
Tá 4,405 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 4 Márta, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 522 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 222,169** cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- Fir 275 díobh / mná 243 díobh
- Tá 67% díobh faoi 45 bliain d’aois
- Is é 33 bliain an mheánaois
- Tá 280 cás i mBaile Átha Cliath, 28 sa Mhí, 28 i gCill Dara, 26 i gCorcaigh agus 19 i nDún na nGall agus tá an fuílleach 141 cás leata i measc 19 gcontae eile***.
Amhail 8am inniu, tá 426 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 102 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 34 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Amhail an 2 Márta, tugadh 460,637 dáileog de vacsaín COVID-19 in Éirinn:
- Tá a gcéad dáileog faighte ag 316,056 duine
- Tá a dara dáileog faighte ag 144,581 duine
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal, sonraí laethúla san áireamh faoi Chlár Vacsaínithe COVID-19 na hÉireann.
CRÍOCH
- Tá imscrúdú á dhéanamh ar dháta an báis maidir le bás amháin.
**Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 2 chás dheimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 222,169 cás deimhnithe.
***Ba cheart a mheas go bhfuil sonraí faoi chontae sealadach mar gheall gur córas dinimiciúil é an Córas Tuairiscithe náisiúnta Ríomhairithe Galar Tógálach (CIDR) agus tá sonraí faoi chásanna á mbailíochtú agus á nuashonrú go leanúnach.
Cásanna an lae inniu, meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua, ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra agus cásanna nua le 14 lá anuas (amhail meán oíche an 04 Márta 2021) (bunaítear ráta na dteagmhas ar dhaonra contae de réir Dhaonáireamh 2016)
Contae | Cásanna an lae inniu (go dtí meán oíche an 04Már2021)*** | Meán gluaisteach 5 lá (go dtí meán oíche an 04Már2021) | Ráta na dteagmhas 14 lá in aghaidh gach 100,000 duine den daonra (ón 19Fea2021 go dtí meán oíche an 04Már2021) | Cásanna Nua le 14 lá anuas (ón 19Fea2021 go dtí meán oíche an 04Már2021) |
Éire | 522 | 518 | 185.1 | 8,815 |
An Longfort | 18 | 13 | 393.9 | 161 |
Uíbh Fhailí | 11 | 19 | 383.5 | 299 |
An Iarmhí | 10 | 17 | 272.6 | 242 |
Lú | 13 | 21 | 263.8 | 340 |
Baile Átha Cliath | 280 | 224 | 259.5 | 3,497 |
Luimneach | 14 | 20 | 239.1 | 466 |
Laois | 10 | 8 | 211.3 | 179 |
An Mhí | 28 | 27 | 208.7 | 407 |
Cill Dara | 28 | 23 | 204 | 454 |
Maigh Eo | 6 | 12 | 187 | 244 |
Gaillimh | 13 | 21 | 185.2 | 478 |
Dún na nGall | 19 | 16 | 177.8 | 283 |
Ceatharlach | 0 | 4 | 166.9 | 95 |
Tiobraid Árann | <5 | 11 | 161.7 | 258 |
Muineachán | 7 | 5 | 159.6 | 98 |
An Clár | <5 | 11 | 142.2 | 169 |
Port Láirge | <5 | 6 | 142 | 165 |
An Cabhán | 9 | 6 | 137.8 | 105 |
Ros Comáin | <5 | 6 | 113.1 | 73 |
Cill Mhantáin | 5 | 8 | 95.5 | 136 |
Liatroim | 0 | 1 | 87.4 | 28 |
Sligeach | 7 | 4 | 77.8 | 51 |
Cill Chainnigh | <5 | 3 | 73.6 | 73 |
Loch Garman | <5 | 5 | 68.8 | 103 |
Ciarraí | <5 | 5 | 59.6 | 88 |
Corcaigh | 26 | 23 | 59.5 | 323 |
~Cuireann meán gluaisteach 5 lá na gcásanna nua táscaire cuí ar fáil maidir le líonta na gcásanna reatha laethúla laistigh de chontae. Cuirtear san áireamh ann aon chásanna a dhéantar a bhailíochtú le haghaidh laethanta roimhe seo agus cuirtear san áireamh meán luaineacht laethúil/deireadh seachtaine na líonta cásanna.
- Ráta na dteagmhas 7 lá 82.6 cás
- Meán gluaisteach 5 lá 518 cás