Ráiteas ón bhFoireann Éigeandála Sláinte Poiblí Náisiúnta - Dé hAoine an 8 Eanáir 2021
- Foilsithe: 8 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cuireadh an tIonad Faireachais um Chosaint Sláinte ar an eolas inniu ar 20 bás breise a bhaineann le COVID-19.
Tá 2,327 duine, ar an iomlán, tar éis bás a fháil in Éirinn go dtí seo a bhain le COVID-19.
Amhail meán oíche Déardaoin, an 7 Eanáir, cuireadh an IFCS ar an eolas ar 8,248 cás deimhnithe de COVID-19. Tá 135,884* cás deimhnithe, ar an iomlán, de COVID-19 ann anois in Éirinn.
(*Mar thoradh ar bhailíochtú sonraí a rinne an IFCS, rinneadh 21 cás deimhnithe a dhífhógairt. Léirítear é seo san fhigiúr 135,884 cás deimhnithe.)
As na cásanna a cuireadh in iúl inniu:
- fir iad 3,834 agus mná iad 4,375
- tá 61% díobh faoi 45 bliain d’aois
- is é 38 bliain an mheánaois
- tá 3,013 cás i mBaile Átha Cliath, 1,374 i gCorcaigh, 538 i Luimneach, 314 i gCill Dara, 310 i nDún na nGall agus tá an fuílleach 2,699 cás leata i measc na gcontaetha go léir eile
Amhail 2pm inniu, tá 1,180 othar COVID-19 san ospidéal, agus tá 109 astu siúd san aonad dianchúraim. Tugadh 116 duine sa bhreis go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas.
Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte:
"Rinneadh trí chás d’athraitheach nua de COVID-19 a sainaithníodh le déanaí san Afraic Theas a dheimhniú in Éirinn inniu trí sheicheamhú géanóim iomláin. Baineann na cásanna go léir go díreach le taisteal a rinneadh le déanaí ón Afraic Theas.
"Moltar d’aon duine a thaistil ón Afraic Theas le déanaí féinaonrú a dhéanamh ar feadh 14 lá agus iad féin a chur in aithne do DG go ndéanfar tástáil orthu a luaithe agus is féidir.
"Molaimid d’oibrithe cúraim sláinte, ach go háirithe, a thaistealaíonn ón Afraic Theas, go bhfuil sé bunriachtanach go ndéanann siad féinaonrú ar feadh 14 lá sula n-iontrálann/n-athiontrálann siad an t-ionad oibre.
"Cé nár sainaithníodh an t-athraitheach seo go fóill in go leor tíortha Eorpacha, creidimid gur sainaithníodh anseo é mar gheall ar an méid faireachais atá á dhéanamh ar sheicheamhú géanóim in Éirinn."
Dúirt an Dr Cillian De Gascún, Víreolaí Leighis agus Stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris:
"Luaitear i measúnú an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú go dtugtar le fios sa réamhanailís go mbaineann athraitheach na hAfraice Theas le troime víris mhéadaitheach agus go mb’fhéidir go bhfuil in-tarchurthacht mhéadaithe aige. Luaitear ann freisin nach raibh aon fhianaise ann go dtí seo go mbaineann an t-athraitheach seo le hionfhabhtú a mbaineann tromchúise níos measa leis.
"Níl dóthain eolais ann faoi láthair lena dheimhniú cibé acu an gcruthaíonn an t-athraitheach seo riosca féideartha maidir le meaitseáil vacsaíne agus éifeachtacht vacsaíne. Tá tréithriú antaigineach an athraithigh nua seo ar siúl faoi láthair, agus tá súil leis na torthaí faoi cheann cúpla seachtain."
Cuirtear eolas cothrom le dáta ar fáil ar Chlár Eolais COVID-19 ar phríomhtháscairí COVID-19 sa phobal.
CRÍOCH